ÁR SCÉAL Á SCAIPEADH – An Toradh

Tá gairm chun gnímh fógartha tar éis na comhdhála turasóireachta chultúrtha ‘Scaipeadh ár Scéal’ a reachtáil an togra Ceangal G le déanaí.

B’é an chomhdháil in Ostán na Cúirte i nGaoth Dobhair ag deireadh mhí Feabhra an chéad mhór ocáid ag Ceangal G agus anois tá an togra ag iarraidh ar na toscairí teacht chun tosaigh le smaointe maidir le h-earraí nó seirbhísí nua a fhéadfaí a fhorbairt chun riar a dhéanamh ar an margadh thurasóireacht chultúrtha.

Dar leis an mBainisteoir Margaíochta ag Ceangal G, Concubhar Ó Liatháin, beidh tacaíocht agus cúnamh i bhfoirm traenáil agus margaíocht ar fáil ó Ceangal G do na toscairí a thapaíonn an deis glacadh leis an dúshlán.

B’é aidhm na Comhdhála gníomh a spreagadh agus daoine a chur ag smaoineamh i slite nua conas is fearr ár scéal a scaipeadh,” dúirt an tUasal Ó Liatháin. “Bhí struchtúr na Comhdhála dírithe ar an aidhm seo – oráidí spreagúla ó shaineolaithe agus lucht cleachtais ar dtúis agus ansan na ceardlannaí chun daoine a chur ar bhóthar a leasa.”

“Anois, is é seo an gairm gnímh!”

Included in the picture is Concubhar Ó LIatháin - CeangalG Marketing Manager,  Claire Nic Neacail - CeangalG, Alasdair Morrison Administrator - CeangalG Director, Donnchadh Mac Fhionnlaioch, Aire Stait/Ministor of State, and Fionbar Ó Baoill - CeangalG Training Manager.

Minister of State for the Gaeltacht, Donncha Mac Fhionnlaioch, launches our website at event prior to Selling Our Story conference. Ag seoladh suíomh idirlín CeangalG le linn an Comhdháil Ag Scaipeadh Ár Scéal – www.ceangalg.net, bhí Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Margaíochta, Ceangal G, Claire Nic Neacail, Riarthóir CeangalG, Alasdair Morrison, Stiurthóir CeangalG, an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, agus Fionbar Ó Baoill, Bainisteoir Oiliúna CeangalG.

RTE RnaG presenter Áine Ní Chuirreáin with Loretta Ní Ghabháin, Social Media Expert, from LORG Media at our Selling Our Story conference.

Áine Ní Chuirreáin, laithreoir Barrscéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Loretta Ní Ghabháin ó LORG Media ag an gComhdháil ‘Selling Our Story’ in Ostán na Cúirte Gaoth Dobhair.