Ár Scéal á Scaipeadh - An Ghaeltacht Choiteann
Ag Baint Feidhme as Turasóireacht Chiltúrtha chun Ár gCumas a Réadú
Ar Sgeul ga Sgapadh - A’ Ghàidhealtachd Choitcheann
Ag Cleachdadh Turasachd Chulturail gus Ar Cuid Comais a Thoirt gu Buil
Selling Our Story conference to boost cultural tourism in Scotland/Ireland


Beidh soláthraithe turasóireachta cultúrtha as Éirinn agus Albain ag tarraingt ar Thír Chonaill Mí Feabhra beag seo don chéad ócáid mhór de chuid thogra CeangalG, comhdháil mar gheall ar conas is féidir le turasóireacht chultúrtha ár gcumas a scaoileadh.
Is é Ár Scéal á Scaipeadh – An Ghaeltacht Choiteann is teideal do chomhdháil a bheidh ar siúl in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair ar 26/27ú Feabhra.
I lár an aonaigh ag an gcomhdháil beidh seoladh Learning From The Best, taighde a chuireann i láthair deich samplaí d’fhiontair turasóireachta cultúrtha ag rathaíocht trí fheidhm a bhaint as mionteangacha, le húdar “Faobhar Éireannach” an Dochtúir Fionnbharr Ó Brolcháin.
Beidh roinnt de na hoibritheoirí seo – ag teacht ó fhiontair chomh fada ar shiúl le hAukland sa Nua-Shéalainn agus Meicsiceo – páirteach i ndíospóireacht painéil in éineacht le hionadaithe mór le rá ó eagraíochtaí turasóireachta ar nós Fáilte Éireann, Visit Scotland agus Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann.
Bidh fócas an-phraiticiúil ag an gcomhdháil agus beidh an deis ag toscairí casadh le meantóirí a dhéanfaidh a gcuid taithí agus saineolais a roinnt in iarracht ligean do rannpháirtithe cur lena gcuid éifeachtúlachta.
Beidh an comhlacht tógála, Mobileonix, atá lonnaithe i dTír Chonaill, i láthair freisin chun comhairle a chur ar rannpháirtithe na comhdhála conas feidhmchláir fón cliste dá gcuid féin a mhúnlú.
“Is aidhm leis an gcomhdháil forbairt cúig táirgí nua a spreagadh faoi mhí na Nollag,” dúirt stiúrthóir thogra CeangalG, Alasdair Moireasdan.
“D’fhéadfaí aipeanna a áirithint leis na táirgí seo, atá ag éirí go sciobtha mar an áis is mó racháirt i neart earnlálacha den tionscal turasóireachta. Seo deis d’oibritheoirí turasóireachta cultúrtha, go mór mór iad siúd a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge/Gàidhlige, a bheith ina gceannródaithe sa tionscal.”
Is togra é Ceangal G a mhaoinítear ag an AE agus a bhfuil an coláiste Gàidhlige triú leibhéil, Sabhal Mòr Ostaig, ina cheann. Is iad na príomhpháirtithe ann Údarás na Gaeltachta agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Bhéal Feirste. Anuraidh fuair sé cistiú €1m, geall leis, ó INTERREG IVa faoi choimirce Comhlachas Clár Speisialta na hEorpa (SEUPB). Áirítear leis na comhlachtaí eile a mhaoiníonn CeangalG Bòrd na Gàidhlig, MG Alba, Rialtas na hAlban agus Comhairle Chathrach Bhéal Feirste.
Le cur i láthair ag an ócáid freisin tá láithreán nua Gréasáin CeangalG, www.ceangalg.net, agus clár dheiseanna traenála agus meantóireachta.
Cuirfear breis sonraí faoi na na príomhchainteoirí i láthair níos gaire do thús na hócáide.
Más spéis leat páirt a ghlacadh sa chomhdháil seo, déan teagmháil más é do thoil é le riarthóir CeangalG, Claire Nic Niocaill, le haghaidh sonraí breise. Is féidir dul i dteagmháil léi ag claire@ceangalg.net nó ar an bhfón ag +44 1471 888352.
Bidh luchd-solair turasachd chultarail à Alba is Èirinn a’ dèanamh air Tìr Chonaill sa Ghearran don chiad tachartas mhòr ann am pròiseact Ceangal G, co-labhairt air mar a dh’fhaodas turasachd chultarail ar cuid comas a sgaoileadh.
Is e Ar Sgeul ga Sgapadh – A’ Ghàidhealtachd Choitcheann an t-ainm a tha air co-labhairt a thèid a chumail ann an Taigh-òsta na Cùirte ann an Gaoth Dobhair 26/27 Gearran.
Aig cridhe na co-labhairt bidh cur-air-bhog Learning From The Best, rannsachadh a nochdas deich eisimpleirean de dh’iomairtean turasachd chultarail a’ soirbheachadh leotha le bhith a’ cleachdadh mhion-chànan, le ùghdar “Oir Èireannach” an t-Ollamh Fionnbharr Ó Brolcháin.
Bidh feadhainn den luchd-obrachaidh seo – a bhios a’ tighinn bho iomairtean cho fada air falbh ri Auckland ann an Sealan Nuadh agus Meagsago – an sàs ann an deasbad-pannail còmhla ri riochdairean bho bhuidhnean-turasachd leithid Fàilte Èireann, Visit Scotland agus Bòrd-turasachd Èireann a Tuath.
Bidh fòcas gu math practaigeach aig a’ cho-labhairt seo agus bidh an cothrom aig riochdairean coinneachadh ri luchd-sgrùdaidh a sgapas an cuid fiosrachaidh is eòlais gus leigeil le com-pàirtichean cur rin cuid èifeachdalachd.
Bidh a’ bhuidheann-togail, Mobileonix, a tha stèidhichte ann an Tìr Chonaill, an làthair cuideachd gus comhairle a thoirt do chom-pàirtichean na co-labhairt a thaobh mar a thogas iad an cuid goireasan fòn-sgiobalta fhèin.
“Tha e mar amas aig a’ cho-labhairt leasachadh còig bathair ùra a bhrosnachadh ron Dùbhlachd,” thuirt stiùiriche pròiseact CeangalG, Alasdair Moireasdan.
“Dh’fhaodte apps a bhith mar chuid den bhathar seo, rud air a bheil fèill mhòr a’ tighinn ann an iomadh roinn de dh’obair na turasachd. Seo cothrom do luchd-obrachaidh turasachd chultarail, gu sònraichte an fheadhainn a bhios ag obair tro mheadhan na Gàidhlig/Gaeilge, dol air thoiseach anns a’ ghnìomhachas.”
Tha Ceangal G na phròiseact air a mhaoineachadh le Aonadh na h-Eòrpa leis a’ cholaiste Ghàidhlig treas ìre, Sabhal Mòr Ostaig, na cheann. is iad na prìomh-phàirtichean ann Údarás na Gaeltachta agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Bheul Feirste. An-uiridh fhuair e maoineachadh de €1m, an ìre mhath, bho INTERREG IVa fo chùram Buidheann Prògraman Sònraichte na h-Eòrpa (SEUPB). Am measg nam buidhnean eile a tha a’ maoineachadh Ceangal G tha Bòrd na Gàidhlig, MG Alba, Riaghaltas na h-Alba agus Comhairle Cathair Bheul Feirste.
Cuideachd ri nochdadh aig an tachartas tha làrach-lìn ùr Ceangal G, www.ceangalg.net, agus prògram de chothroman trèanaidh agus sgrùdaidh.
Thèid barrachd fiosrachaidh mun phrìomh luchd-labhairt a sgaoileadh nas fhaisge air toiseach an tachartais.
Ma tha ùidh agaibh a bhith an sàs anns a’ cho-labhairt seo, cuiribh fios gu rianadair, Claire NicNeacail, airson barrachd fiosrachaidh. Faodar fios a chur thuice aig claire@ceangalg.net no air fòn aig +44 1471 888352.
Cultural tourism providers from throughout Scotland and Ireland will convene in Donegal next month for the first major event of the CeangalG project. The Gaeltacht based conference will examine how cultural tourism can unlock our potential.
Selling Our Story – the Greater Gaidhealtachd/Gaeltacht is the title of the conference and it will be hosted in Gaoth Dobhair’s Ostán na Cúirte on the 26th/27th February.
The centrepiece of the conference will be the launch by “Irish Edge” author Dr. Finbarr Bradley of Learning From The Best research which presents ten examples of cultural tourism ventures thriving using minority languages.
Some of these tourism operators – who are drawn from ventures as far flung as Auckland in New Zealand and Finland – will feature in a panel discussion alongside leading representatives of tourism organisations such as Fáílte Ireland, Visit Scotland and the Northern Ireland Tourism Board.
The conference will have a very practical focus and delegates will have the opportunity to meet with mentors who will share their experience and expertise in an effort to allow participants to increase their effectiveness.
Donegal based "app" building company, Mobileonix, will also be on hand to advise conference participants on how to build their own smartphone applications.
“The conference aims to encourage the development of five new products before the end of the year,” said CeangalG project director, Alasdair Morrison.
“Some of these products could include apps, which are rapidly becoming the must have accessory in many sectors of the tourism industry. This is an opportunity for cultural tourism operators, particularly those who work in the medium of Irish/Scots Gaelic, to take their place at the cutting edge of the industry.”
CeangalG is a EU funded project headed by Scotland's Gaelic College, Sabhal Mór Ostaig. Its main partners are Údarás na Gaeltachta and Belfast’s Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Last year it secured funding totaling almost €1m from INTERREG IVa under the auspices of the Special European Programmes Body (SEUPB). Other funders of CeangalG include Bórd na Gaidhlig, MG Alba, the Scottish Government and Belfast City Council.
Also to be unveiled at the event is Ceangal G’s new website, www.ceangalg.net, and a programme of training and mentoring opportunities.
Further details regarding the key speakers will be unveiled closer to the commencement of the event.
If you’re interested in participating in this conference, please contact CeangalG’s administrator, Claire Nicolson, for further details. She can be contacted at claire@ceangalg.net or by phone at +44 1471 888352.
Notes for editors: Further Information: Concubhar Ó Liatháin, Markeiting Managar, CeangalG, 07718 477081. Email: concubhar@ceangalg.net
The total funding for the Ceangal G project is £993,247. £862,847 was awarded the project under Interreg IVA.
The Ceangal G team is spread between three locations. The Director and Administrator are based in Sabhal Mór Ostaig in Skye. The Marketing Manager has an office in Cultúrlann McAdam Ó Fiaich on the Falls Road in Belfast while the Training Manager is located at the Udarás na Gaeltachta office in Na Doirí Beaga in the Donegal Gaeltacht.