Nascanna úsáídeacha

CeangalG - Na Páirtithe

Grúpa stiúrtha CheangalG

Foras na Gaeilge

Comhlacht trasteorann a bhfuil dualgas air an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann ar fad. Cuireadh ar bun faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta é.

Údarás na Gaeltachta

Curtha ar bun in 1980, is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás réigiúnach atá freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Is é aidhm Údarás na Gaeltachta san iomlán cinntiú go maireann an Ghaeilge mar phríomhtheanga cumarsáide na Gaeltachta agus go ndéantar í a thabhairt anuas do na glúinte le teacht. Féachann an t-údarás leis an sprioc sin a bhaint amach trí réimse leathan de thionscnaimh forbartha fiontair agus cruthaithe post a mhaoiniú agus a chothú agus trí thacú le himeachtaí straitéiseacha teanga, cultúrtha agus pobail. Cuireann bord stiúrtha a bhfuil dhá chomhalta déag air agus foireann de 86 cúram forbartha na háisínteachta i ngníomh.

Glór na nGael

Eagraíocht UileÉireann a reáchtálann comórtas/scéim gach bliain chun pobail ar fud na hÉireann agus na cruinne a mholadh agus a aithint as cur chun cinn na Gaeilge. Tá duais nach beag á tairiscint leis an duais is airde ag €20,000. 

Conradh na Gaeilge

Fóram daonlathach do phobal na Gaeilge a oibríonn thar ceann phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann ar fad agus an domhain fré chéile. Ó bunaíodh ar 31ú Iúil 1893 é, tá baill Chonradh na Gaeilge i ndiaidh a bheith ag cur na Gaeilge chun cinn go gníomhach i ngach gné de shaol na hÉireann, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán agus seirbhísí nua trí mheán na Gaeilge. 

Oireachtas na Gaeilge

Tiomantas ealaíona traidisiúnta trí mheán na Gaeilge agus litríocht Ghaeilge an lae inniu a chur chun cinn. Eagraíonn sé réimse leathan imeachtaí i gcaitheamh na bliana chun na foirmeacha ealaíne seo a chomóradh, Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus Oireachtas na Samhna ina measc. Cuirtear comórtais ardáin ar nós fonnadóirachta agus rince ar an sean-nós, scéalaíocht, cumadóireacht nua, gléasanna ceoil éagsúla agus breis ar siúl mar chuid den fhéile, chomh maith le seisiúin cheoil, seimineáir, taispeántais, drámaí, seolta agus imeachtaí breise.

Gael Linn

Curtha ar bun in 1953 agus aitheanta ó shin i leith mar eagraíocht fiontraíochta. Is é príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann mar theanga bheo a chuireann aitheantas in iúl. Tá clú agus cáil air as na fiontair a bhunaigh sé i gceantair Ghaeltachta. Tá Gael Linn fós ag cur a fhealsúnachta maidir le fiontraíocht i ngníomh trí réimse leathan na n-imeachtaí agus na dtionscadal a mbaineann sé leo ó bhliain go bliain. Is féidir clár Ghael Linn a roinnt i dtrí catagóirí bunúsacha: oideachas, scéimeanna cur chun cinn agus gnó.

Gaelport

Is é Gaelport.com an suíomh Gréasáin nuachta is faisnéise Gaeilge is fearr dá bhfuil le heolas mar gheall ar ranganna Gaeilge, folúintais Ghaeilge agus imeachtaí Gaeilge. Is tionscadal é Gaelport.com de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge arb é comhairle lárnach stiúrtha phobal na Gaeilge é. Maoinítear ag Foras na Gaeilge é. 

Pobal

Curtha ar bun san Eanáir 1998. Is comhpháirtíocht ionadaíoch muid a chuireann treoir straitéiseach ar fáil agus fóram daonlathach do na grúpaí a mhúnlaigh réimse rathúil na dtionscadal sóisialta, eacnamaíocha, ealaíne agus oideachais do phobal na Gaeilge ó thuaidh. Tá muid ann chun leas phobal na Gaeilge agus ár gcuid ball. Tá dhá ghné ag obair POBAL: abhcóideacht (lena n-áirítear Acht Gaeilge Thuaisceart Éireann) agus tacú straitéiseach do na ballghrúpaí dár gcuid. Chomh maith leis seo, eagraíonn muid Cearta agus Pléaráca gach bliain agus tá taighde is suirbhéanna ar siúl againn faoi láthair.

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Is é an Chultúrlann lárionad cultúrtha na Gaeilge i mBéal Feirste. Cuireann an Chultúrlann clár beoga ealaíne i dtoll a chéile a chuireann teanga is cultúr na Gaeilge chun cinn agus áit tharraingteach cruinnithe ar fáil do thurasaróirí agus don phobal áitiúil araon.

Oideas Gael

Soláthraí iomráiteach cúrsaí Gaeilge, lonnaithe i nGleann Cholm Cille i nGaeltacht Thír Chonaill. Cuireann sé an iris lín Ghaeilge www.beo.ie ar fáil freisin. 

 

Na Meáin

TG4

Is aonán reachtúil neamhspleách é TG4 (Teilifís na Gaeilge). Is cainéal saor go haer é TG4, a bhfuil fáil air thar na n-ardán féachana ar fad, le bunús láidir de luchd féachana ar fud oileán Éireann. Breathnaíonn 650,000 de luchd féachana ar TG4 ar meán in aghaidh an lae i bPoblacht Éireann. Sáraíonn an líon laethúil seo an milliún ar laethanta móra féacha ar nós Lá na Nollag agus Lá Fhéile Pádraig.

Raidió na Gaeltachta

Bunaíodh Raidió na Gaeltachta i ndiaidh feachtais phoiblí Domhnach na Cásca 1972. Bíonn sé ag craoladh as na Gaeltachtaí éagsúla ar fud na hÉireann agus tá a cheannáras i gCasla, Conamara. Nochtann cúrsaí reatha, nuacht, cláir fhaisnéise, ceol agus fonnadóireacht ar an sean-nós ar sceideal an stáisiúin. Is fochuideachta de chuid RTÉ, an craoltóir náisiúnta, é.

Raidió Fáilte

Is é Raidió Fáilte stáisiún raidió pobail Ghaeilge Bhéal Feirste. Cuireann Raidió Fáilte seirbhís raidió pobail ar fáil do phobal na Gaeilge, ag cabhrú chun tacú leis an nGaeilge agus í a scaipeadh ar fud Bhéal Feirste agus an domhain mhóir.

Raidió na LIfe

Ag craoladh i mBaile Átha Cliath ó 1993 i leith, is stáisiún raidió pobail leasa é Raidió na Life a cuireadh ar bun chun seirbhís raidió pobail a chur ar fáil do phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath agus thart timpeall faoi ar bhunús neamhbhrabúis. Tá pobal agus oideachas go mór chun tosaigh i bhfealsúnacht chraolta Raidió na Life. Tugann Raidió na Life le chéile eagraíochtaí Gaeilge, lucht labhartha na Gaeilge, daoine a bhfuil spéis acu sa teanga agus luchd leanta ceoil de gach cineál – lena n-áirítear iad siúd nach mbeadh teagmháil acu leis an nGaeilge de ghnáth.  Glacann an stáisiún cúram go n-áirítear clár leathan ábhar lena chuid clár, le fócas ar chathair is ar chontae Átha Cliath agus ar an limistéar in aice láimhe. Is pobal iolchultúrtha éagsúil é, maidir le réimse na n-ábhar, aoisphróifíl, leibhéal líofachta i nGaeilge agus rannpháirtíocht ghníomhach i bpobal na Gaeilge. Tá tiomanta ag Raidió na Life rogha clár chomh fairsing agus is féidir a chur ar fáil chun freastal ar an éagsúlacht sin.

An tUltach

Iris mhíosúil Ghaeilge as Cúige Uladh. Bíonn ailt ann ar chúrsaí litríochta agus eile, i gcanúint Uladh den chuid is mó.

Treibh

Leathanach Gaeile san Irish Times gach seachtain.  

Goitse

Nuachtán míosúil Gaeilge as Gaeltacht Thír Chonaill.

 

Ag Foghlaim na Gaeilge

Gaelchultúr

Bunaíodh Gaelchultúr in 2004 agus d’aidhm leis an Ghaeilge agus gnéithe áirithe de chultúr na Gaeilge lena n-áirítear ceol, amhráin agus rince, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile in Éirinn. Cuireann Gaelchultúr scoth cúrsaí Gaeilge agus áiseanna foghlama ar fáil, ag díriú orthu siúd ar fud an domhain a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Is éard is sprioc dúinn seirbhísí den scoth a chur ar fáil a spreagfaidh foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa araon chun cur lena gcuid eolais ar an teanga. Bíonn Gaelchultúr ag tairiscint cúrsaí ar fud na hÉireann, á múineadh ag líonra ár gcuid múinteoirí cumasacha, agus tugann ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, an deis d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain caighdeán níos airde Gaeilge a bhaint amach.