Gradam mór le rá sna meáin do cheannródaí SpreaG Fís

Agus barr slachta á chur ar an gcéad fhíseán de chuid Spreag Fís a bhfuil mar ábhar leis ceannródaí Gaeilge Bhéal Feirste, Gearóid Ó Cairealláin, tá an togra i ndiaidh ugach a fháil trí bhronnadh an ghradaim is airde i meáin na Gaeilge ar an bhfear a bhunaigh an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge.

Ag coirm mór le rá i nGaillimh le gairid, bronnadh Buaic Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Ghearóid as saothar fad a shaoil i bhforbairt tograí i meáin na Gaeilge ar nós Lá, an nuachtán laethúil Gaeilge agus Raidió Failte, stáisiúin raidió phobal Gaeilge Bhéal Feirste.

Cé gur bhain stróc do Ghearóid a choinníonn i gcathaoir rotha anois é, tá sé gníomhach i gcónaí agus é i mbun turais i láthair na huaire lena sheó aonair, The Wheelchair Monologues.

Tá Gearóid mar ábhar don chéad cheann d’Fhíseáin SpreaG Fís de chuid CheangalG a bhfuiltear i mbun iarléirithe air faoi láthair.

Tá físeáin SpreaG Fís bunaithe ar chainteanna thar a bheith rathúil TED agus iontu beidh seisear cainteoirí speagúla as Gaeltacht Choiteann na hÉireann agus na hAlban.