Seo Sinn – Urras Coimhearsnachd Shlèite

SCT logo

Réamhrá

Baineann luach áirithe le naisc idir limistéir. Go mór mór nuair a bhíonn nochtadh is spreagadh mionteanga i measc an phobail i gceist. Seo is údar gur ghlac mé spéis láithreach nuair a chuala mé mar gheall ar thogra See us!

Tá mé ag obair faoi láthair mar chéimí le hIontaobhas Pobail Sléibhte. Is comhlacht é seo atá lonnaithe i bpobal atá ag obair chun leas an phobail a chur i gcrích. Tá carthanas i lár báire agus dhá chomhlacht nasctha leis. Baineann an tIontaobhas feidhm as brabús ón dá chomhlacht chun tograí a chur ar bun thar ceann an Iontaobhais a chuireann pleanáil shóisialta, eacnamaíoch agus caomhnú na timpeallachta chun cinn.

Cé gur pobal atá láidir go maith ó thaobh na Gàidhlige é, a bhuí sin do Shabhal Mòr Ostaig, feictear dom go bhféadfadh an tIontaobhas breis a dhéanamh chun leas na teanga agus bhí súil agam foghlaim ar an gcuairt seo ó dhreamanna eile in Éirinn mar a bhíonn siad siúd ag obair chun an sprioc seo a bhaint amach.

Tosach na cuairte

Is ar an Domhnach an 15ú Samhna a thiomáin mé ón Oileán Sciathánach síos go Glaschú. I ndiaidh dom bualadh le Janet MacDonald (Seall Events) i bPartaig an lá dár gcionn, bhog muid linn go hAerfort Ghlaschú mar ar chas muid le Duncan MacInnes (Seall Events) agus Ariel Killik (Independent State of Happiness).

I ndiaidh righnis san aerfort, d’eitil muid le Flybe is bhain muid Béal Feirste amach thart faoi mheán lae.

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Bé seo an chéad áit ar ár liosta, agus fearadh fáilte is fiche orainn ag Concubhar Ó Liatháin. Fuair muid deis eile aithne a chur ar Mary Doherty is Coleen Nì Fhearraigh as Tír Chonaillk le linn bia sa bhialann agus thosaigh mé féin ag iarraidh beagán comhrá sa Ghaeilge. Bhí sé thar cionn feiceáil mar a bhí na freastalaithe ar fad ag labhairt as Gaeilge – rud a tharraing díospóireacht ar bheartas teanga san ionad oibre i measc an chomhlachta freisin.

Bé seo an tríú babhta dom ag an gCultúrlann agus is mé féin a thug faoi deara d’athrú ar an áit le forbairt ar an bhfoirgneamh agus borradh faoi sheirbhísí. Is foirgneamh ilfheidhmeach é, le nós difriúil i ngach cúinne. Fuair muid taispeántas fónta ó Éimear Ní Mhathúna faoi na tograí éagsúla a bhí ar siúl san fhoirgneamh agus b’iontach an éagsúlacht ábhar a bhí ar siúl in áit cineál beag.

Linda Ervine – East Belfast Mission.

Linda Ervine - East Belfast Mission

Ghlac muid tacsaí ón iarthar anonn don Oirthear le cuairt a thabhairt ar oifig Linda Ervine suite san East Belfast Mission. Bhí a raibh aice le rá mar gheall ar scéal stair na Gaeilge i bpobail Phrotastúnacha thar a bheith spéisiúil. Bhí nádúr séimh dioplómaitiúil aici, arbh léir é óna guth, agus is léir go deimhin nach bhfuil an oiread sin daoine leis na scileanna a gcaithfear a bheith ag duine chun an obair seo a chur i gcrích. Ba dhearcadh ar theanga is ar pholaitíocht nár chuala mé riamh é agus thaitin sé go mór liom féin go pearsanta, de bharr na spéise atá agam i bhforbairt mionteanga. Anuas air sin, áfach, is sampla é do dhuine nó do dhream ar bith faoinár féidir a dhéanamh le beagán leanúnachais agus a dtagann as a bheith dána le d’obair.

Carn Tóchair

Is ar an dara lá a d’imigh muid go luath ó óstán an Europa le triall ar Charn Tóchair i gContae Dhoire. Arís, bhí spéis phearsanta agam sa ghrúpa pobail seo ós rud é go ndearna mé roinnt léitheoireachta mar gheall orthu ar an ollscoil. Bha An Carn thar a bheith spéisiúil mar gheall ar ar féidir foghlaim i gcóir mo phoist le hIontaobhas Pobail Sléibhte.

Tá struchtúr oibre An Carn á eagrú cosúil le hIontaobhas Pobail Sléibhte. Áirítear leis carthanacht amháin i lár baill agus cuideachtaí eile timpeall air a chuireann a gcuid brabúis ar aghaidh don iontaobhas. Cé go bhfuil an dá dhream cosúil lena chéile ar an mbealach seo, áfach, tá An Carn i bhfad Éireann níos forbartha.

Tá seo amhlaidh gan amhras de bharr go bhfuil An Carn ann tamall fada agus go bhfuil siad i ndiaidh clú a tharraingt mar chomhlacht atá i riocht tograí a chur i gcrích. Ach baineann leasa eile leis An Carn freisin de bhrí go bhfuil breis agus 90 faoin gcéad de mhuintir na háite as an gceantar féin. Ligeann sé seo do chúrsaí a bheith níos fusa daoine atá ar aon dul a thabhairt le chéile agus freisin tá siad tionsclaíoch maidir le pleanáil.

Síneann straitéis is spriocanna An Carn caoga bliain chun tosaigh. Áirítear leis seo forbairt eacnamaíoch, shóisialta, caomhnú na timpeallachta, agus oideachas agus iad uile ag obair le chéile leis an sprioc Gaeilge a spreagadh agus go ndéanfar Gaeltacht mar a bhí lá den tsaol a mhúnlú as nua. Is suntasach an áit í seo agus bíonn an fhoireann atá i mbun na bhforbairtí ag obair go dian chun na spriocanna a bhaint amach.

Craoibhín Ionad Pobail & Fiontar

Craoibhín Community Centre and Enterprise

Le haghaidh na cuairte deiridh, fhuair muid radharc timpeall ionad pobail an Tearmainn i Dtír Chonaill mar a bhfuil Mary agus Colleen ag obair. Is foirgneamh nua galánta é a fuair maoiniú maith le áiseanna spórt den scoth. Ní haon ionadh é go bhfuil an fhoireann peile anseo ag feidhmiú chomh maith agus atá!

Bíonn an t-ionad seo freisin ag soláthar éagsúlachta eile de sheirbhísí ar nós gruagaire, ‘spray tan booth’, sauna agus naíolann Ghaeilge is Bhéarla. Chomh maith leis seo tá ranganna Gaeilge, Ju-jitsu, Matamaitic, ríomhaireacht. Freisin, ligeann siad rothair amach ar cíos, ;e rianta in aice láimhe i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.

Conclúid

Thaitin an chuairt seo liom thar barr agus fuair mé go leor leor as. Thug sé orm cuimhneamh ar chomh tábhachtach atá sé go mbeidh Gaeilge beo i gceartlár chúrsaí an phobail agus tugann sé dearcadh ar ghníomhartha praiticiúla ar ar féidir do chomhlacht a bheith ag déanamh maidir leis an sprioc seo freisin.

Ní raibh mórán ann nár thaitin liom ach díreach gur mhaith an rud é dá mbeadh breis daoine ag fáil na deise dul ar an turas seo. Ní dóigh liom gur eascair tograí láithreacha as na cainteanna a bhí agam ach múnlaíodh naisc agus b’fhéidir gur cuireadh síol i gcóir an ama romhainn.