Seo Sinn – Slí Cholm Cille

Comhdháil Cholm Cille CheangalG

Tír Chonaill, Meitheamh 2014

Críostóir Mac an tSaoir, Slí Cholm Cille

Suíomh: Go maith (ach amháin go raibh orainn aistriú go dtí óstán eile ag an deireadh)

Léachtaí na comhdhála: Tríd is tríd bhí na léachtaí an-spéisiúil cé go raibh roinnt acu cineál leadránach. Bha an tseirbhís aistriúcháin thar barr.

Seisiún faoi fhorbairt Shlí Cholm Cille: Ró-ghearr agus níor baineadh conclúid oiriúnach amach ná níor tairgeadh aon dul chun cinn dearfa go dtí an chéad chéim eile.
Mar threoraí turas, bé seo ceann de ghnéithe na comhdhála is mó a raibh spéis agam ann agus bhí roinnt díomá orm nár forbraíodh de bhreis é agus go deimhin féin bhí sé ábhairín faoi dheabhadh.

Turais: Tríd is tríd bhí na turais go dtí na háiteanna éagsúla agus turas Oileán Thoraigh an-mhaith agus eagraithe go maith agus ní raibh aon duine ag aireachtáil go raibh brú á chur orthu. Bé an ghné seo an bhuaic dom óir thug sé beatha do chúrsaí Cholm Cille ar fad. Thaitneodh sé ní b’fhearr liom dá mba rud é go raibh na turais fite fuaite leis na léachtaí seach an iomarca léachtaí troma ar an gcéad lá!

Éachtaí na comhdhála: Líonrú. Bé seo gan amhras an ghné a b’fhearr den ócáid ar fad. Thug sé an deis do dhaoine le spéis choiteann i gColm Cille, mar shampla, casadh agus líonrú lena chéile. Mar thoradh díreach air seo, tháinig Bernie Ní Mhóráin, treoraí áitiúil turas a bhí ag an gcomhdháil freisin anall go hEarra Ghàidheal agus chas muid ar feadh tamaillín agus í ar a bealach go hÍ Cholm Cille agus phléigh muid gnéithe éagsúla d’fhorbairt Shlí Cholm Cille agus breis nasc a dhéanamh idir Earra Ghàidheal agus Gaeltacht na hÉireann.

Bhí líon éagsúil go maith de dhaoine ann ach d’airigh mé go raibh sé claonta rud beag i dtreo an lucht acadúil seachas na daoine ar an talamh mar ghnólachtaí áitiúla, treoraithe, ceardaithe agus a leithéidí ach is dóigh liom go dtiocfaidh forbairt air sin le haimsir mar a bhíonn na rudaí seo. Is dul chun cinn é gur cuireadh tús le hiarracht chun Slí Cholm Cille trí Éirinn agus Albain a chur ar aghaidh agus tuigim go nglacann na rudaí seo am is airgead, ach thaispeáin an chomhdháil seo gurb ann don toil agus don spéis.

Conclúid: Is dóigh liom gur maith an smaoineamh é CeangalG sa mhéid go bhfuil tús curtha leis chun ‘droichead’ a fhorbairt idir an Ghaeltacht agus Iarthar na hAlban. Go dtí seo dom féin tá béim curtha aige ar an iomaí nasc agus sprioc atá againn agus tá breis eolais agam anois faoina bhfuil ar siúl ar an taobh thall den ghóilín uaidh seo in Earra Ghàidheal agus gur féidir liom naisc bhreise a fhorbairt le treoraithe, lucht staire agus mar sin de. Tá súil agam go lean an togra seo ar aghaidh agus go mbeidh muintir na hÉireann in ann triall ar Earra Ghàidheal/ar an Oileán Sciathánach is na hoileáin agus b’fhéidir lorg Cholm Cille a leanúint trí Earra Ghàidheal anonn go hÍ Cholm Cille.

Bhí an t-eagrú tríd is tríd le haghaidh comhdhála den chineál seo thar barr, áfach.