Seo Sinn – Seall

17ú Samhain

Bhain muid Béal Feirste amach agus rinne muid caol díreach ar Iarthar Bhéal Feirste don Ionad Pobail. Spás fairsing oscailte le siopa leabhar, bialann agus ionad faisnéise uile san áit chéanna. D’éirigh go maith leis seo. Chuir an pobal an-fháilte romhainn agus i ndiaidh lóin chuaigh muid timpeall an ionaid. Dánlann den scoth agus seomraí mar ionad cruinnithe do gach aois os cionn an urláir is ísle. Halla beag cluichí freisin ar féidir é a iompú ina spás téatair / siamsaíochta le suíocháin ar féidir iad a tharraingt amach. Ceol a bhí sa chuid is mó de na cláir le roinnt dráma freisin.

Is i nGaeilge a bhí go leor den chomhrá a bhí go líofa ag Ariel. Mar fhoghlaimeoir de chuid na Gàidhlige ní raibh sé ró-shoiléir ach labhróidís as Béarla nuair ba ghá. Bhí léarscáil iontach d’Éirinn acu, roinnte i gcontaetha agus chloisfeá, trí bhrú ar an gcnaipe cuí, an nath céanna as Gaeilge ach leis na canúintí éagsúla.

Bhí an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dóibh agus bhí ranganna Gaeilge ar siúl acu agus iad ‘a gcur chun cinn go mór.

Ina dhiaidh sin aniar ghabh muid go dtí an t-óstán agus ansin i dtacsaí go hOirthear Bhéal Feirste. Bé seo ionad Skainos á reáchtáil ag an eaglais Modhach a bhíonn ag taisceadh sa cheantar. Ní raibh am go leor againn chun an t-ionad a fheiceáil ach tá a suíomh gréasáin thar barr. Is ansin a chas muid le Linda Ervine agus cé gur Aontachtaí í bíonn sí ag múineadh na Gaeilge. Bhí sí i ndiaidh a bheith ag cruinniú ban as éagsúlacht creideamh agus rinne sí cúrsa tosaigh i nGaeilge agus thaitin sí léi. Bheartaigh sí ranganna a thairiscint don phobal áitiúil cé gur mheas roinnt daoine é seo mar theanga an fhreasúra. Bhí ranganna ar siúil aici i gceartlár Bhéal Feirste na n-aontachtaithe. Arís, bhí caighdeán tógála an fhoirgnimh ard go maith.

18ú Samhain

Ar an dara lá chuaigh muid go dtí An Carn i gCarn Tóchair. Seo ionad pobail den scoth le siopa/oifig an phoist/spásanna cruinnithe/oifigí in aon fhoirgneamh amháin; agus in aonad mínithe tionsclaíochta bhí amharclann a bhféadfaí feidhm a bhaint aisti mar halla spóirt freisin. Bhí spás i gcóir oifige d’aonad scannánaíochta sa spás freisin ach an rud a thaitin liom féin amach is amach an forhalla isteach lena chuid suíochán boga, a bhí thar a bheith fáilteach. Bé an an rud deireanach an t-iostas le cóir chócaireachta, dhá theach le hocht leaba an ceann agus iad deartha go maith. Bhí an bhunscoil áitiúil in aice láimhe, agus mar sin bhain muintir na háite feidhm fhónta as an ionad chóiríocht.

B’iontach an dream seo óir bhí tearmann dúlra á reáchtáil ag an bpobal ann freisin (le hIontaobhas na gCoillte) agus bhí siad i ndiaidh bainisteoir a fhostú lena aghaidh. Bhí tograí de chuid an phobail ar siúl acu air. Bhí siúláin dúlra, agus cinn staire freisin, agus bhí muintir na háite i mbun talmhaíochta leapacha ardaithe, Bé an piece de resistance muileann gaoithe leis an bpobal a bhí díreach i ndiaidh teacht ar an bhfód chun roinnt fáltais a chur ar fáil don phobal. Bhí díograis an phobail thar a bheith dian.

Bhí an chéad dá lá i bpobail éagsúil ó Shléibhte. Ba dhaonraí de chuid na cathrach iad cinn Bhéal Feirste ina bhféadfadh líon mór daoine a bheith i gceist. Ba dhlúth pobal Charn Tóchair le teaghlaigh ina gcónaí sa cheantar ar feadh na mblianta agus ag aistriú a gcuid gabháltas/feirmeacha go dtí an chéad ghlúin eile. Ní raibh aon tithe saoire ann ná lucht thar tír isteach agus difriúil ó Shléibhte mar sin. Bhí grá mór ar an nGaeilge freisin a bhí i ngrúpa ‘dúchasach’. Sin ceann a raibh claonadh aige i dtreo chultúr is theanga na hÉireann cheana féin. Ar chúiseanna stairiúla bhí neart aontachtaithe sa cheantar ní hionann agus i gCarn Tóchair.

19ú Samhain

Ar an lá deireanach, chuaigh muid go Tearmann Thír Chonaill, mar a raibh an t-ionad pobail i limistéar níos cosúla le Sléibhte. Pobail níos lú le breis tithíochta scaipthe. Bhí an chuma ar an áit gur bhain sí tairbhe as ré an rachmais agus bhí líon mór de thithe nua ann. Bhí halla spórt den scoth ann a d’fhéach siad le hiompú ina ionad téatair / ceoil ach ní raibh cúrsaí fuaime thar mholadh beirte agus shíl siad go mbeadh orthu breis a dhéanamh chun é a a chur in oiriúint d’imeachtaí. Arís, sa phobal bhí gruagaire agus comhlacht grábhála. Is ar an Idirlíon a rinneadh an chuid is mó d’obair an ghrábhálaí. Bhí naíolann agus cúram iarscoile don bhunscoil os a chomhair amach ann freisin. Bhí ionad aclaíochta ann freisin as ar bhain an pobal áitiúil agus an fhoireann peile ar ghort an bhaile feidhm mhór. Rud a b’aisteach, níor baineadh feidhm as teach an allais ar chor ar bith. Bhí ráchairt mhór ar ranganna oíche in ábhair éagsúla.

Bhí gnó fiontair dá gcuid féin acu a bhí i mbun rothair a ligean amach ar cíos, ar baineadh feidhm as an gcuid ba mhó acu i dtailte eastát an chaisleáin, ar leis an stát é, in aice láimhe. Bhí rothair leictreacha ann freisin agus ráchairt mhór orthu. Bhí an chuma air seo gur tharraing sé roinnt rachmais agus d’fhostaigh siad duine amháin chun na rothair a chothú.

Bhí ranganna Gaeilge ar siúl acu freisin ach dúirt siad go mbeadh orthu iad a chur an cinn níos mó.

Tuairimí Tríd is Tríd

Fuair na grúpaí ar fad maoiniú dá gcuid ionad agus faigheann siad maoiniú i gcónaí maidir le fostú foirne. Bhí na hionad de chaighdeán ard ó thaobh tógála.

Chuaigh díograis na bpobal áitiúla i gcion orm, go háirithe ó thaobh na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Cé go raibh ionchur pobail agus gnó áitiúil cineál mar an gcéanna i Sléibhte, tá Sléibhte níos scaipthe agus níos lú. Ní hionann pobal croiteoireachta Shléibhte agus mar atá i gCarn Tóchair, is ionann croit in Éirinn agus caoga acra agus níos cosúla le feirmeacha beaga dá réir sin. Ach bhí na caoirigh ar fud na bhfud. Bhí roinnt feirmeoirí ag cur béime ar ghnéithe tearca maidir le beithígh / capaill ar mhaithe le héagsúlacht. Is éard a bhí cosúil go raibh poist eile acu mar nach leor feirmeoireacht chun teaghlach a chothú. Agus bhí ar na daoine óga dul go dtí na cathracha ar mhaithe le hoideachas ardleibhéil agus le hobair.

Níl an díograis chéanna ó thaobh na Gàidhlige agus atá ag pobail na hÉireann. Ach tá spriocanna cosúla ó thaobh cultúir cé gur nós leo ansin na cinn a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun tosaigh. Bhí breis cur chun cinn imeachtaí ná mar atá againn i Sléibhte agus cuireann siad béim ar aonad an teaghlaigh a bheith ag labhairt na Gaeilge sa bhaile mar go bhfeiceann siad é sin mar an bealach chun an teanga a chur chun cinn.

Is é an difríocht mhór sna cinn faoin tuath an bhéim ar chúrsaí spóirt. Is mór an rud an CLG in Éirinn agus tagann pobail le chéile trí thacú lena bhfoireann áitiúil. Nuair a bhain muid an Tearmann amach bhí póstaeir mar chomóradh ar fhoireann áitiúil na mban a bhí sa chomórtas náisiúnta, “Suas na Mná”.

Buíochas le gach uile dhuine a chuir an chuairt i dtoll a chéile. B’iontach an turas é.

Sinéad Nic Dhomhnaill