Seo Sinn – Moira Ní Ghallachóir

Chun críocha na tuairisce seo, déanfaidh muid tagairt dóibh siúd ar fad a bhí ar an turas taighde seo mar “an bhuíon”. Moira Ní Ghallchóir – mng’, Síle Nic Grianna mngSíle Uí Ghallchóir agus Mary Rose Doherty – Comharchumann Forbartha na nOileán. 

glasgow-celtic-studies

Ariel Killick – Independent state of happiness – Thug Ariel teagmhálacha áisiúla dúinn agus roinn sí eolas orainn faoi oibriú leis an teanga in Albain. Beidh an bhuíon in ann  obair ISOH, ar smaoineamh den scoth é, a chur chun cinn. Is trua go bhfuil Ariel ag sracadh léi agus go bhfuil sé thar a bheir deacair di coinneáil uirthi lena gnó. Bhí Ariel an-tógtha foghlaim faoi shamhla, rathúlacht agus a bhfuil i gceist ag mng le Rock agus Roam agus ár gcuid táirgí eile.

Coffee agus Craic – Chas an bhuíon le Sarah Boland atá i mbun an fhiontair shóisialta seo. D’inis sí dúinn faoin gcúlra agus faoi na deiseanna maidir le teanga in Albain. Phléigh mng ócáid i dteannta a chéile, Coffee agus Craic le Rock agus Roam.  De thoradh an chruinnithe seo, reáchtálfaidh mng ócáid a bhaineann go sonrach le Coffee agus Craic agus molann siad dátaí in 2016.

Conradh na Gaeilge – Chas an bhuíon le hÉimhín a chuir obair Chonradh na Gaeilge i nGlaschú i láthair. Bhí díospóireacht dhomhain ann faoi fhorbairt na teanga, ar ar féidir linn ar fad a dhéanamh chun cur leis agus deiseanna ar theanga bunaithe ar thurasóireacht. Roinn muid leabhair, bileoigíní, eolas agus deiseanna le bheith ag obair le chéile amach anseo ar a chéile.

Slí na Gaeltachta Thiar – Chas an bhuíon le Gordon Forrester a bhí ag croí fhorbairt na Slí seo ó thús. Thug Gordon léargas dúinn ar mar atá pobail áitiúla ag baint tairbhe as tionscnamh mar seo, faoin stair agus mar a d’fhás sé thar na blianta. D’fhoghlaim muid faoin gcumas do ghnólachtaí nua áitiúla ar chosáin siúlóide mar lucht iompair bagáiste, lóistín dorm, treoraithe, ionaid sólaistí agus mar a spreagadh breis ócáidí áitiúla. Tá Gordon sásta tuairiscí a chur chugainn ar staidreamh, tuairiscí síceolaíochta agus eolas áisiúil eile agus a bheith ar fáil i gcóir aon tacaíochta le tograí den chineál céanna.

De bharr gur cuireadh an cruinniú le muintir na Gaeltachta is na nOileán ar ceal, d’imigh Síle agus Mary go luath.

John Carmichael – Chas mng  leis an treoraí turasóirí agus fear teanga áitiúil i nDún Liam.  Bhí sé thar a bheith áisiúil casadh le John ós rud é go raibh sé in ann cé na tograí turasóireachta a raibh ag éirí leo agus cén fáth. Thug sé léargas dúinn freisin ar thurais phríobháideacha, cé hiad na hoibritheoirí móra, cad a chaitheann siad, na háiteanna a ngabhann siad. Bhí spéis ag John go háirithe sa bhealach ina bhféadfadh muid obair le chéile le turas Cholm Cille mar go bhfeiceann sé é seo mar dheis mhór le nasc a dhéanamh maidir le stair, oidhreacht agus teanga. Phléigh muid deiseanna chun turas Cholm Cille mng a shíneadh go hAlbain agus mar a d’fhéadfadh John cur leis sin maidir lena sheirbhís féin agus a líonra ar thír mór na hAlban agus amuigh sna hOileáin. Roinn John go leor dá líonra ar mng agus ba mhaith leis go mór cur lena chuid nasc le Tír Chonaill.

Raon Nis – Díol Spéise Cuairteoirí – Thug muid cuairt thart faoin raon, labhair muid leis an bhfoireann agus faoi mar a thugann siad an teanga isteach i gcúrsaí agus na deacrachtaí a bhain leis seo. Chuir muid ceist ar chuairteoirí freisin an ndéanfadh siad machnamh ar Thír Chonaill mar cheann scríbe eachtraíochta agus na gníomhaíochtaí eachtraíochta eile a thaitin leo. D’fhoghlaim muid a lán faoi eispéireas an chuairteora, ar mhaithe le heachtraíocht, feidhm na teanga, cúrsaí comharthaí agus an cineál turasóra a bhaineann sult as saoire eachtraíochta. Deis ar chuairt leis an bhfoireann go Tír Chonaill le páirt a ghlacadh in Rock agus Roam in 2016. Bíonn ócáid bhliantúil ar siúl acu gach bliain agus bíonn siad i gcónaí ag cuardach áiteanna nua le cuairt a thabhairt orthu.

cnag-glasgow

Dòmhnall Morris – Comann na Gàidhlig – Inbhear Nis – thug mng taispeántas do Dhónall ar sheirbhísí is tháirgí mng. Bhí spéis go háirithe in Rock agus Roam ós rud é go bhfuil cúrsa eachtraíochta le gníomhaíochtaí eachtraíochta trí mheán na Gàidhlige á chur i dtoll a chéile ag Comann na Gàidhlig i láthair na huaire. Thug Dónall léargas mór ar na háisínteachtaí a raibh siad ag obair leo le deiseanna ar chaithimh aimsire amuigh faoin spéir trí mheán na Gàidhlige a fhorbairt. Fuair mng neart leideanna spéisiúla ón gcruinniú seo agus feiceann sí an-chumas a bheith ag obair amach anseo le Comann na Gàidhlig agus dreamanna nach iad i mbun turasóireachta eachtraíochta agus teanga.

Maggie Nic a’ Ghobhainn – Carabaraich. Treoraí turas sa dá theanga le spéis mhór sa stair. Chuir mng turas Cholm Cille i láthair agus phléigh muid mar a d’oibreodh turas cosúil leis in Albain. Thug Maggie léargas faoin easpa tacaíochta le seirbhísí Gàidhlige agus ar a raibh siad á dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn i bpobail áitiúla le himeachtaí sonracha, mar fhonnadóireacht Ghàidhlige, ceol traidisiúnta, oícheanta scannán Gàidhlige agus cuairteanna áitiúla go láithreáin seandálaíochta. Pléadh neart smaointe le bheith ag obair as lámha a chéile. Nocht Maggie spéis i dtreorú turais Cholm Cille in Albain i bpáirt le mng.

Maggie-and-Moira

Ionad áiseanna Ravenspoint – Chas muid le Margaret, bainisteoir an ionaid. Tá an t-ionad seo suite go leithleach in aice le láithreáin seandálaíochta a bhaineann le Colm Cille. Is áis bhunúsach don phobal an t-ionad seo agus is ionad staire is oidhreachta é freisin, tá oiread ag an bpobal áitiúil le dáileadh maidir le cur leis an eispéireas áitiúil,. Bhain mng sult as turas treoraithe den cheantar thart timpeall agus chas muid leis an bhfoireann ar fad. Cuireadh turas Chom Cille i láthair agus déanfar mar a d’fhéadfadh Ravenspoint a bheith mar chuid den turas lae ar thaobh na hAlban den turas a fhorbairt anois sna míonna atá romhainn.

John Randall – Iontaobhas Leabhar na nOileán – Phléigh muid mar a d’fhéadfadh an t-iontaobhas leabhar tairbhe a bhaint as nasc le cumainn staire i dTír Chonaill agus i nDoire Cholm Cille. Chuir mng turas Cholm Cille i láthair freisin. Tacóidh an t-iontaobhas le mng leis an turas a chur chun cinn mar atá sé agus cuirfidh sé leis an slí atá ann i láthair na huaire chun Alba a thabhairt isteach in 2016.

Conclúid:

Ba mhór an deis é seo agus bhain gach duine a bhí i gceist breis léargais ar thurasóireacht in Albain. Tá neart deiseanna le bheith ag obair as lámha a chéile agus d’fheiceadh muid comhpháirtíocht amach anseo le neart de na háisínteachtaí ar chas muid leo ar an turas seo. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le CeangalG le haghaidh seo.

Baineadh siar asainn scaití le méid na hinfheistíochta i dturasóireachta in Albain agus airíonn muid go bhfuil siad i bhfad chun tosaigh ar Éirinn, Iarthar Thír Chonaill go háirithe. Is sampla den scoth é den mhéid is féidir agus tá go leor ann is féidir linn foghlaim.

Chun a bheith ag obair níos fearr le chéile amach anseo, ba mhaith liom roinnt ceisteanna a chur a chabhródh le himeachtaí amach anseo agus toscairí ag glacadh páirte.

Bhí baill den bhuíon den bharúil go mbeadh an turas ní b’áisiúla dá mbeadh sé ar siúl ag an am is gnóthaí le go mbeadh muid in ann an chuid is fearr de na háiteanna ar thriall muid orthu a fheiceáil agus dul i dtaithí ar thionscadal turasóireachta na hAlban i gcoitinne. Bhí sé go hiontach áfach Tuaisceart na hAlban a fheiceáil faoi shneachta agus a laghad tionchair agus a d’imir sé seo ar sheirbhísí is iompar. Is tábhachtach tabhairt le fios go raibh baill den bhuíon amhrasach faoi thaisteal le carr i ndiaidh sneachta trom a bheith ann agus teocht faoi bhun náide.