Seo Sinn – Cuairt Chlaisceadal an Íochtair agus Ghèirinis

Cuairt Chlaisceadal an Íochtair agus Ghèirinis go Gaoth Dobhair i dTír Chonaill

Dé hAoine 22ú Samhain 2014

Tráthnóna chuir muid glaoch ar Dhónall Mac Ruairí, láithreoir de chuid Radio na Gaeltachta mar gheall ar bheith ag casadh Tí Leo. I ndiaidh dúinn an áit a bhaint amach dúradh linn go mb’fhéidir nach mbeadh muid in ann de bharr righnis ach iarraidh orainn casadh sa deireadh roimh an mbuíon dheireanach The Jeremiahs, fidléirí as Baile Átha Cliath. Chas muid ‘E ho ro tha mi ’n dùil ri bhith tilleadh’ agus fuair muid an-bhualadh bos ón slua. Sular chas muid chuir Peigí an claisceadal in aithne agus labhair sí faoi scoil shamhraidh agus choirmeacha ceoil Ceòlas. Bhí duine nó beirt ann a raibh baint acu le hUibhist Theas dúirt siad agus d’fhág muid roinnt CD Gaoth an Iar inár ndiaidh i gcás go mbeadh cóip ag teastáil uathu.

Dé Sathairn 22ú Samhain 2014

Maidin Dé Sathairn chas muid le Mícheál Mac Aoidh ó Ealaín na Gaeltachta, togra mar Phròiseact nan Ealain sna hoileáin. Chaith Mícheál go fial linn agus bhí spéis i ndáiríre aige inár gclaisceadal agus in Ceòlas.

Thug sé go Radio na Gaeltachta Thír Chonaill muid mar ar chas muid le láithreoir darb ainm Paddy a thug timpeall fhoirgneamh an studio muid. D’fhág muid cóipeanna de CD Gaoth an Iar ag Paddy agus chas a chomhoibrí Damien Ó Dónaill amhrán ón gceirnín ar a sheó Cas Ceirnín agus thug sé CD ar shiúl mar dhuais. Dúirt Paddt dá mba rud go raibh a fhios aige go raibh muid ag teacht go gcuirfeadh sé agallamh orainn agus go n-iarrfadh sé orainn casadh beo beathach ar a sheó.

I ndiaidh báire, thug Mícheál go dtí an An tSeanBheairic muid, ionad cuairteoirí san Fhál Carrach.  San ionad tá bialann, músaem, taispeántas agus siops agus bíonn tograí stairiúla, ceoil agus ealaíne ar siúl ann.

Bhí fonn ar Mhícheál naisc idir a chuid oibre féin agus a bhfuil ar siúl in Uibhist ag Ceòlas a phlé. Phléigh muid roinnt de na tograí a bhfuil baint ag Ceòlas leo mar an scoil shamhraidh, na comhdhálacha agus EOST agus thug muid sonraí teagmhála Mary Schmollers agus oifig Ceòlas dó.

Is iad sonraí teagmhála Mhichíl ríomhphost m.macaoidh@udaras.ie agus guthán 353 87 2863693. Bheadh sé thar a bheith sásta cloisteáil ó Cheòlas agus luaigh sé nuair a bhí sé óg gur éirigh leis Barraigh a bhaint amach ach nár shroich sé Uibhist Theas. Thug sé cuireadh go dtí An gailearaí muid tráthnóna mar a raibh taispeántas ealaíne agus cultúir.

An tráthnóna sin chuaigh muid go páirc náisiúnta Ghleann Beatha agus tógadh muid ar cuairt i gcaisleán suntasach Ghleann Beatha.

Níos moille chuaigh muid go dtí An Gailearaí agus chas muid le Mícheál agus Rónán, láithreoir de chuid Radio na Gaeltachta agus le PJ Ó Cuireáin agus Kathleen ón gCrannóg. Tá Rónáin i mbun cláir de na cláir Ghaeilge is mó ráchairt in Éirinn agus tá cur amach air Ghaeilge na hAlban aige. Is éard atá sa Chrannóg eagraíocht a bhíonn ag spreagadh daoine óga chun gabháil le fonnadóireacht is ceol. Mhínigh PJ go bhfuil An Chrannóg i ndiaidh borradh nach beag a thabhairt ar líon na ndaoine óga agus fásta i mbun ceoil le blianta beaga anuas. Mar shampla, is ar éigean a bhí caint ar bith ar chasadh an choncertina i dTír Chonaill cúig bhliain ó shin ach anois tá ar a laghad daichead duine óg á chasadh i gceantar Ghaoth Dobhair. Bíonn An Chrannóg ag freastal go rialta ar fhéile cheoil i nDún Liam agus bhí an-spéis acu i scoil shamhraidh Ceòlas.

Tá réimse leathan de thaispeántais ó ealaíontóirí áitiúla ag an nGailearaí féin. Tugadh cuireadh dúinn casadh ag an taispeántas agus, arís, dúirt muid ‘E ho ro tha mi ’n dùil ri bhith tilleadh’ a thaitin go mór leis na cuairteoirí agus na healaíontóirí.

Anseo thíos tá nasc ar YouTube de thaifeadadh den chlaisceadal ag casadh ag an nGailearaí, a bhuí do chainéal YouTube Ealaín na Gaeltachta, a cuireadh ar líne ag Mícheál, ní foláir:

As sin chuaigh muid Tí Hiúdaí Bhig agus arís tugadh cuireadh dúinn casadh agus dúirt an claisceadal ‘Teann A-nall’ agus cé go muid beagáinín as gléas ar dtús fuair muid an-bhualadh bos agus iarradh orainn ceann eile a rá agus thug Mary Flora is Margaret ‘Cearcall a’ Chuain’ dóibh. Taispeánadh dúinn freisin conas Guinness a ól agus fuair muid amach cén fáth a bhfuil sé ábhairín contúirteach mura ligeann tú leis socrú síos agus ansin é a ól de bholgaim mhóra. B’fhéidir go mbeadh breis cleachtaidh ag teastáil uainn le dul i dtaithí air.

Dé Domhnaigh 23ú Samhain 2014

Dé Domhnaigh chuaigh muid ar Aifreann i dTeach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga ag 11 ar maidin. Ba dhíol suntais é an t-aifreann, na hiomainn agus na himlitreacha a bheith i nGaeilge ar fad.

Chuaigh muid go Leitir Ceanainn ina dhiaidh sin sular fhill muid ar Ghaoth Dobhair le casadh le Máire Britton a thug cuairt timpeall Ionad Naomh Pádraig dúinn. Áirítear le foirgneamh an Ionaid ionad aclaíochta, seomra ríomhaireachta, studio ceoil/rince agus roinnt seomraí eile chomh maith le gairdín cothaithe agus deartha go hálainn.

Baintear feidhm as an áis le haghaidh tograí de chuid an phobail ar nós ranganna Gaeilge, cliabhadóireacht, rince céime, teagasc ceoil, studio taifeadta, imeachtaí cultúrtha, seomra ríomhaireachta, siopa éadaí, tai chi, yoga, ranganna sníomha, naíolann agus ionad aclaíochta gan ach roinnt a lua.

Mar fhocal scoir, bhain muid uile taitneamh mór as an turas i dTír Chonaill agus ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le Máire agus Ceòlas as an deis a thabhairt dúinn dul ann. Bha mhaith linn go mór dul ar ais chomh luath is a bheidh roinnt amhrán eile ar ár dtoil againn.