Seo Sinn – Cló

Curtha i dtoll a chéile ag Oona Hyland. Comhordú, Marjorie Carroll. Íomhánna, Ian Joyce

An Chéad Chuairt: Togra Oghaim

Ghabh Cló cuairt taighde de láimh go dtí an tOileán Sciathánach, Inbhear Nis agus Glaschú agus rinne siad an moladh taighde istigh anseo a fhorbairt. Ba mhaith le Cló buíochas a ghlacadh go háirithe leis an oifigeach ealaíne agus an bhfoireann ag Sabhal Mòr Ostaig as a gcuid ama agus cabhraithe chun taighde a dhéanamh faoin togra.

Trí thacaíocht CeangalG, baineann togra taighde Oghaim le Gaeltacht na hÉireann is na hAlban. Trí thogra Malartú, b’é Cló an chéad eagraíocht lonnaithe sa Ghaeltacht a bhunaigh clár malairte cónaitheachta le comhpháirtithe Gàidhlige in Albain agus tá taighde déanta acu anois ar mhalartúchán trí slí d’ealaíontóirí bunaithe ar théamaí cultúrtha is teanga i gcoitinne. Tríd an gcuairt, rinne Cló taighde ar naisc amach anseo le haghaidh malairte cónaitheachta ealaíontóirí le Taigh Chearsabhagh, Uibhist Thuaidh agus láithreáin i Steòrnabhagh, ar an Tairbeart agus i gCarlabhagh ar Leòdhas.

Idir 2010 agus 2014, chuir Cló tús le agus rinne siad comhordú ar dhá thogra Eorpacha le tacaíocht ó EACEA agus comh-mhaoiniú ó áisínteachtaí ealaíon i bPoblacht Éireann le naisc i gcúig tíortha. Tá an taighde lena dtacaíonn CeangalG bunaithe ar seo agus táthar ag súil go mbeidh bunús Gàidhlige/Gaeilge ann le haghaidh togra ealaíne idirnáisiúnta agus idir chultúir.

Féach ceangaltán.

An Dara Cuairt: Ghabh Cló cuairt taighde go dtí Glaschú agus Í Cholm Cille de láimh

Le tacaíocht ó CheangalG, ghabh muid taighde de láimh faoi thionscnamh nua ealaíne is ceardaíochta atá ar tí tosú i nDún Fionnachaidh. I gcomhthéacs tionscnaimh ealaíne is ceardaíochta an lae in Albain le teanga is cúlra cultúrtha i gcoitinne, rinne muid taighde faoi smaointe maidir ;e déanamh priontaí, ceirmeacht, seodra agus dathanna nádúrtha.

Chomh maith le láithreáin i nGlaschú agus, idir cinn an lae agus ársa, thug muid cuairt ar Mhuile agus Í cholm Cille freisin.

Is éard is Aos Dàna ann fiontar ceardaíochta leis an ealaíontóir Mhairi Killen ar chas muid léi tríd an Leabhar Mór ar dtús. Tháinig Mhàiri ar chónaitheacht de chuid Chló do roinnt ealaíontóirí agus callagrafaithe Albanacha agus Éireannacha. Thar na blianta, choinnigh muid i dteagmháil agus le gairid chuir muid spéis i bhforbairt fiontair den chineál céanna i dTír Chonaill. Tá an saothar a thaispeántar in Aos Dàna ar chaighdeán ard amach is amach agus baineann sé go sonrach leis an oileán agus é ag tarraingt inspioráide agus ábhair bhunaidh as na snoiteáin ornáideacha chloiche atá le fáil i gclabhstra Mhainistir Í ag dul siar go blianta tosaigh na Críostaíochta. Is deacair obair cheardaíochta a fháil atá chomh maith seo agus a bhaineann lena foinse ar a leithéid de bhealach le saothar Aos Dàna agus bé seo ceann de chúiseanna ár dturais.

Tá Aos Dàna i mbun gnó le thart ar chúig bhliain déag anuas agus is fiontar thar a bheith lonnaithe anois é; faoi láthair tá sé i mbuin athbhrandála agus bhí cruinniú spéisiúil againn faoi na modhanna atá i gceist.

Tá sé tábhachtach cur le caighdeán na ceardaíochta i dTír Chonaill agus airíonn muid gur féidir leis an ionad nua againn i nDún Fionnachaidh a lán a fhoghlaim ó na caighdeáin arda táirgíochta ag an gceardlann ceardaíochta seo, déantar chuile rud ar an láithreán ach caithfear oiliúint agus forbairt scileanna a dhéanamh ar an taobh amuigh. Déantar saothar le haghaidh coimisiún príobháideacha nó in eagráin teoranta. Bíonn na praghsanna ard ach níl go hiomarcach le haghaidh rudaí a dhéantar de láimh, atá leithleach, agus ar saothar ealaíne iad.

Cé is moite den saothar airgid a dhéanann Mhàiri taispeánann sí ceardaíocht reatha freisin le méid áirithe ealaíontóirí, grianghrafadóireacht, priontaí, deileadóireacht adhmaid agus seodra a dhéantar de chloch dhúchasach Í Cholm Cille, serpentine agus ómra Baltach atá le fáil ar chladaí Í lena n-áirítear cloichíní glasa ar a dtugtar “Deora Cholm Cille”.

Ceardaíocht Odhráin agus Í

Ba dhíol spéise dúinn dhá fhiontar ceardaíochta eile ar Í. Is éard is Oran ann siopa ceardaíochta a dhíolann ceirmeacht lena n-áirítear Raku, teicníc ársa tírdhreacha agus péintéireacht Dath Uisce agus Ola d’Í, le healaíontóirí éagsúla. Tá Oran níos cosúla le siopaí ceardaíochta atá againn i dTír Chonaill mar An Clachan ag Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair.

Is comharchumann pobail é Iona Crafts ina ndéanann siad a gcuid olla féin ó chaoirigh Í agus a ndíolann siad táirgí a dhéantar aiste, hataí, scaifeanna agus geansaithe, stocaí agus lámhainní geala daite déanta de mheaisín den chuid is mó. Tá muid i mbun taighde faoi dhathanna nádúrtha agus ag cuardach olann is éadach nádúrtha gan dath i láthair na huaire agus bhí sé thar a bheith spéisiúil mar sin an fiontar seo a fheiceáil cé go bhfuil muid ag iarraidh rud atá difriúil go maith a dhéanamh muid féin.

Dathanna nádúrtha

Tá iomaí leac uaighe ársa i reilig Mhainistir Í, atá faoi chrotal agus tá muid i ndiaidh taighde a dhéanamh na cineálacha éagsúla mar fhoinsí dathanna nádúrtha. Tá leabhar iontach Sue Grigson, “The Colour Cauldron: Scottish natural dye plants”, thar a bheith áisiúil agus bhí áthas orainn iomaí crotal annamh a aimsiú ar na leaca uaighe a chláraigh muid. Tá an crotal seo lá fáil i dTír Chonaill freisin agus baineadh feidhm as chun dath a chur le holann le haghaidh bréidín, seál agus rugaí. Tógann sé blianta fada ar roinnt den chrotal seo fás agus ní mór iad a bhaint go coigilteach chun an líon a chothú, tá an éagsúlacht atá le fáil ar Í leithleach. Áirítear le plandaí datha eile a chláraigh muid ar an oileán néalfartach (dearg), fréamh an róis, iúr binne, cíb choille, allas Muire, lus síoda, rinn roisc, cochall an mhanaigh, duáinín an tseanchais agus sciollam na móna. Tá breis éilimh ar úsáid dathanna nádúrtha de bharr breis feasacht faoin timpeallacht i gcoitinne agus spéis i dtáirgí a dhéantar go háitiúil go sonrach. I dTír Chonaill tá flúirse de na plandaí seo againn agus traidisiún faoina n-úsáid, atá caillte geall leis. Tá muid i ndiaidh tús a chur le gairdín dathanna ag Cló agus ag dul faoi oiliúint sna míonna romhainn i dteicnící dathanna nádúrtha, tá súil againn éadach agus páipéir le dathanna nádúrtha a dhéanamh d’ealaíontóirí agus do bhailitheoirí le díol trínár n-ionad i nDún Fionnachaidh.

Í agus crainn. (maidir le hOgham, an togra teanga)

De réir na tráchta “Beatha Colaim Cille”, nuair a séidfí crann dara anuas, d’inseodh Colm Cille dá lucht leanúna gan é a theascadh go ceann naoi lá agus ansin é a roinnt i measc mhuintir na háite, idir mhaith is olc, trian de le bheith curtha sa teach aíochta don aoi agus deichiú cuid mar chuibhreann na mbocht. Is as dair a thóg sé a theach pobail ar Í – thóg sé ceann eile in Éirinn in aice le dos dara. B’fhéidir go nochtann seo ceangal domhain le crainn ón ré roimh an gCríostaíocht. Tá fianaise a dóthain faoin adhradh a thug na Ceiltigh don chrann, leis féin nó i ngrúpaí, le feiceáil trí líon na scrín dó agus an dlúthbhaint a bhí aige leis an ngallán, ceartlár iomaí áite naofa. D’fhéadfadh crainn an nasc idir an saol uachtair agus an saol íochtair a thaispeáint freisin, a gcuid fréamhacha ag imeacht faoin talamh agus na géaga ag síneadh don spéir. Do na Ceiltigh bhí a anam féin ag gach rud i saol na ndúl. Agus, nuair a tháinig an Chríostaíocht chucu, is iomaí dia págánach a shleamhnaigh isteach gan stró i bpearsana an chreidimh nua.

Féile Ealaíne Theach Oscailte Ghlaschú 2ú go 4ú Bealtaine 2015

Bhí d’ádh linn go raibh ár dturas go Glaschú ag an am céanna le féile an Tí Oscailte i nGlaschú, eagraíocht le healaíontóirí ina bun, nach bhfeidhmíonn i gcóir brabúis. Tugann an fhéile deis d’ealaíontóirí ag teacht ar an bhfód agus ar an bhfód le tamall. Ag oscailt a gcuid ionad oibre – agus ina lán cásanna, a dtithe féin – do lucht amhairc nua. Trí ealaín a thabhairt ar shiúl ó na hionaid thraidisiúnta agus á neadú i gcroí na cathrach – a gcuid fothrach, fásach agus áiteanna eile ar chúl éaga – athraíonn Féile Ealaíne Theach Oscailte Ghlaschú – dreach na tíre i nGlaschú, rud a thugann dearcadh nua air an gcathair do na daoine ina gcónaí ann. Chuir muid spéis mhór anseo agus bhreathnaigh muid ar shaothar ar fud na cathrach, go mór mór i gceantar na Gorbals mar ar thriall muid ar Laurieston Arches ar Lána Cleland; b’iad seo sraith áirsí bóthair iarainn a caitheadh i dtraipisí. Bhí na taispeántais ann i riocht saothair a bhain le láithreáin sonracha agus saothar fuaime, léitheoireacht agus taibhiú ina raibh thart ar 17 d’ealaíontóirí páirteach. Bhí an chuid is mó de na healaíontóirí ina gcéimithe MFA ó Scoil Ealaíne Ghlaschú. Bhuail muid le healaíontóir Catalónach Cristina Garriga a bhí ag taispeáint cruinnithe ar coimeád de leabhair ealaíontóirí agus fuair muid ceangal anseo ós rud é gur muid ceann amháin de líon beag ceardlanna a mhúineann ceangal leabhair ealaíontóirí in Éirinn, ag cabhrú le healaíontóirí chun leabhair ealaíontóirí a chur ar fáil agus á ndéanamh muid féin. Tá an fhéile féin éagsúil, fairsing agus beoga. Is mór an spreagadh é feiceáil mar a chuireann cathracha is réigiúin eile a gcuid ealaíne chun cinn, is féidir linn neart a fhoghlaim uaidh seo.

Músaem Shaighdiúirí na Gaeltachta

Thug muid cuairt ar an Músaem deonach seo gar d’Ionad Ealaín an Lae ar Shráid Sauchiehall. Trí chéad is daichead bliain de stair na reisiminte seo tugtha chun beatha go beoga i músaem beag le taispeántais idirghníomhacha a chuireann stair na reisiminte i láthair.

Músaem an Tí

Spléachadh ar shaol go luath sa 20ú céad i nGlaschú, rinneadh an teach seo ceithre seomraí ina raibh cónaí ar Agnes Toward ar feadh breis is caoga bliain a athchóiriú go dílis.

Dánlann MacLellan

Cyril Gerber Fine Art; Péintéireacht agus líníocht le healaíontóirí mór le rá de chuid na hAlban.

Scoil Ealaíne Ghlaschú

Bhuail muid le healaíontóir Thír Chonaill Aoife Nic Fheargail atá ina léachtóir liteagrafaíochta ag an Scoil Ealaíne agus ina healaíontóir is teicneoir mór le rá priontaí a bhfuil aontaithe aici cabhrú le Cló chun saothar nua eitseála grianghrafadóireachta a fhorbairt don ionad i nDún Fionnachaidh.

Ionad Ealaín an Lae

Siopa leabhar agus gailearaí suimiúil (bhí an taispeántas á chur ar bun), bialann i ngach ball. 

Tuairisc ar thogra CeangalG, Cló, An Fearann Feasa, Ian Joyce, Oona Hyland agus Marjorie Carroll.

Réamhrá:

Ba mhaith le Cló buíochas a ghlacadh le CeangalG as a gcuid tacaíochta, ó thaobh eagrúcháin chomh maith le hairgeadas, don togra taighde seo. Tá trácht ar dhá eilimint: tréimhse taistil ó 6ú go 14ú Aibreán 2015 agus dara tréimhse taistil ó 27ú Aibreán go 4ú Bealtaine 2015. Ag am na tuairisce do CheangalG, tá Cló ag bogadh (Bealtaine 2014 go Meán Fómhair 2015) ó chomhlacht ealaíne forbartha (1998 go 2013) go fondúireacht carthanachta nach bhfeidhmíonn le haghaidh brabúis. In 2013, de bharr ciorraithe i maoiniú i gcóir na nEalaíon i bPoblacht Éireann, stad an comhlacht a bheith ag cur fostaíochta ar fáil agus bhunaigh na stiúrthóirí bunaitheoirí comhpháirtíocht chun tograí beo a chur i gcrích lena n-áirítear togra Úr (2012 go 2014) a fuair tacaíocht ó EACEA agus Scoláireacht Maggie Hughie Eoghan (2014). Tá tiomanta ag Cló, An Fearann Feasa deiseanna gairme a chur ar fáil d’ealaíontóirí as an nGaeltacht agus d’ealaíontóirí as cultúir éagsúla ar fud na cruinne chun teacht ar theanga, thír agus thimpeallacht na Gaeltachta.

Ó bunaíodh é, tá roinnt tograí ar ábhar na Gaeilge is na Gàidhlige curtha i gcrích ag Cló. In “Malartú” bhí malartúchán ealaíontóirí cónaitheacha i gceist idir Taigh Chearsabhagh agus Cló Ceardlann na gCnoc Teoranta; rinne togra darbh ainm “Faire” comóradh ar naisc idir Alba agus Éire trí amhráin agus ealaín amhairc. Ghlac na fonnadóirí Lillis Ó Laoire, Màiri Nic a’ Ghobhainn (Leòdhas), Dominic Mac Giolla Bhríde & Cór Taobh an Leithid chomh maith le healaíontóirí amhairc i dtogra faisnéise is taibhithe a reáchtáladh i nGort an Choirce le clár cónaitheachta lonnaithe ag Mín an Leá ( www.clo.ie). I meas tograí beaga eile bhí píosa ealaíne is taibhithe idir disciplíní agus togra leabhar ealaíontóirí.

Le tacaíocht ó CheangalG, tá de mhisneach ag Cló naisc nua a thochailt agus a fhorbairt don todhchaí faoi na réimsí seo a leanas:

  1. Togra nua ealaíne agus ceardaíochta a fhorbairt.
  2. Taighde ar thogra ealaíne idir disciplíní.
  3. Clár cónaitheachta d’Ealaíontóirí Idirnáisiúnta.

D’éirigh na réimsí seo mar ábhar an taighde ar thacaigh CeangalG leis.

Bhí an chéad chuairt go Sabhal Mòr Ostaig thar a bheith tábhachtach le líonra teagmhála a oscailt san Oileán Sciathánach, i Leòdhas, in Uibhist Thuaidh, san Òban agus in Inbhear Nis.

Chabhraigh cruinnithe ag Scoile Ealaíne Ghlaschú, Ionad Ealaín an Lae, Glaschú, Aonad Teicstíle-Scoil Ealaíne Ghlaschú, Ionad Cultúrtha is Turasóireachta san Òban, agus cuairt go hAos Dàna agus láithreáin eile bunaithe ar cheardaíocht ar Í Cholm Cille linn le díriú ar fhorbairt smaointe nua. Sula gcuirtear críoch leis an togra, déanfaidh Cló teagmháil leis na daoine agus na heagraíochtaí a bhféadfadh spéis a bheith acu dul i ngleic leis na tograí seo a leanas:

  1. Ionad ealaíne is ceardaíochta a fhorbairt ag Clós Martha, Dún Fionnachaidh, Tír Chonaill. Seolfaidh Ian Joyce agus Oona Hyland An Fearann Feasa ar 6ú Meitheamh 2015. Le tacaíocht ó CheangalG, rinne na healaíontóirí taighde ar smaointe nua faoi cheardaíochta agus dhearadh lena n-áirítear Intaglio (déanamh priontaí), ceirmeacht, seodra airgid agus ag baint feidhme as dathanna nádúrtha.
  2. Ag forbairt teagmhála le haghaidh “Ogham” togra ilealaíon is taibhithe atá molta ag Ian Joyce.
  3. Cónaitheacht 3 slí idir Éire is Alba do Chló ag díriú ar Leòdhas, Uibhist Thuaidh, Í Cholm Cille agus Gaeltacht Thír Chonaill.