Seo Sinn – Cairde Teo

cairde logo

Cuairt CAIRDE Teo go hInbhear Nis agus go Steòrnabhagh

25ú – 28ú Mí na Samhna 2014

Tuairisc

Tá roinnt spriocanna bunúsacha ag CAIRDE Teo a bhfuil de rún ag an eagraíocht iad a chur i gcrích in 2015/16 i ndiaidh dúinn dul ar cuairt malartúcháin phobail le foireann margaíochta, airgeadais is riaracháin Ionad Ealaíne An Lanntair, foireann de chuid Ionad Turasóireachta Chùil Lodair in Inbhear Nis agus le hionadaithe ó Roinn Bhainistíocht Acmhainní Daonna, Ollscoil Shrath Chluaidh. Chun tosaigh i measc na spriocanna dár gcuid, tá:

  1. Plean gnó a fhorbairt maidir le fiontar sóisialta bialainne Gaeilge roimh Aibreán 2015.
  2. Áitreabh oiriúnach a aimsiú agus dóthain acmhainní a dhaingniú chun bialann nua Ghaeilge a fheistiú roimh Nollaig 2015.
  3. Seisear Gaeilgeoirí a oiliúint chun bialann oiriúnach Ghaeilge a bhainistiú agus a reáchtáil in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha roimh Dheireadh Fómhair 2015.
  4. Plean gnó a fhorbairt maidir le Siopa nua Earraí agus Ionad nua Turasóirí faoi Aibreán 2015.
  5. An fearas caipitiúil, an t-áitreabh agus na hacmhainní eile is gá a aimsiú chun Siopa Earraí agus Ionad Turasóirí a oscailt faoi Mheán Fómhair 2015.
  6. Oiliúint a thabhairt do cheathrar as an bpobal áitiúil chun Siopa Earraí agus Ionad Turasóirí a bhainistiú agus a reáchtáil in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha roimh Nollaig 2015.

Leis na spriocanna bunúsacha seo i gceist, chuir na cruinnithe dár gcuid in Albain béim ar:

  • fócas ar mar a d’fhéadfadh Gaeilge a bheith ina fachtóir idirdhealaitheach don phobal/don fhiontar;
  • úsáid na Gaeilge mar mheán cumarsáide sa phobal/san fhiontar;
  • comhthionscnaimh agus comhdheiseanna a chur chun cinn idir CAIRDE Teo agus An Lanntair;
  • earcú agus oiliúint foirne dátheangaí d’fhiontair de chuid an phobail.

An Chuairt

Chuaigh ionadaithe ónár bhfoireann fiontair shóisialta – Julie Ní Néill agus Máire Ní Phronntaigh – ar cuairt go hAlbain ag deireadh na Samhna. Ar an drochuair, chuir drochaimsir ar an lá a shroich muid cosc orainn a bhith in ann aistriú ó Inbhear Nis go Steòrnabhagh agus fágadh gur chaill muid an lá iomlán geall leis san aerfort ag fanacht ar scéala faoi nuair a bheadh sé sábháilte taisteal. Ach nuair a bhain muid An Lanntair amach ar an dara lé den chuairt bhí cruinniú thar barr againn le hionadaithe bainistíochta agus rannóga fáilteachais is lónadóireachta príomhionad ealaíne is cultúir na nOileán Thiar.

Thug bainistíocht An Lanntair ar cuairt stiúrtha na saoráidí muid agus thug siad míniú pointeáilte dúinn ar mar a aimsíodh a láithreach agus mar a tugadh an togra caipitiúil tógála ar aghaidh thar thréimhse beagnach fiche bliain. Thug Catrìona NicIlleathain, Bainisteoir an tSiopa agus Coimeádaí na dTograí Speisialta míniú mion na bealaí, buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann le reáchtáil ionad ealaíne is cultúir agus lena n-áirítear eolas áisiúil faoi riarachán, mhaoiniú, forbairt miondíolacháin agus bainistiú tograí. D’fhoghlaim muid freisin faoi shochdhéimeagrafaic an bhaile a bhfuil daonra de níos lú de 10,000 ann, a bhfuil thart faoin leath acu Gàidhlig acu.

Tharraing breis cruinnithe le hionadaithe ó fhoireann na bialainne eolas thar a bheith áisiúil faoina mbaineann le reáchtáil bialainne dátheangaí ó lá go lá. Rud ba spéisiúil, is saincheadúnas ar leith amach is amach ó phríomhfhiontar An Lanntair an bhialann. Míníodh na cúiseanna leis seo agus thug sin dearcadh nua dúinn maidir le roghanna a bheadh ar fáil maidir leis an mbialann dhátheangach atá i gceist againn le haghaidh Ard Mhacha.

I ndiaidh dúinn filleadh ar thír mór ar an tríú lá bhí cuairteanna eagraithe againn in Inbhear Nis le casadh le hionadaithe ó Ionad Cuairteoirí Chùil Lodair agus Ollscoil Shrath Chluaidh. Bhí an dá chruinniú thar a bheith torrach agus faisnéiseach.

D’oscail Ionad nua Cuairteoirí Bhlár Catha Chùil Lodair i mí na Nollag 2007 agus is leis an Iontaobhas Náisiúnta é. Bhí deacrachtaí leis na saoráidí a bhí ann roimhe chun déileáil le líon na gcuairteoirí ag na hamanna ba ghnóthaí. San ionad agus sa taispeánta nua, is féidir scéal iomlán Chùil Lodair a chur in iúl ar bhealach nuálach agus idirghníomhach atá tarraingteach don teaghlach ar fad. D’fhoghlaim ionadaithe ó CHAIRDE Teo iomaí ceacht faoi mar is féidir ionad beoga cultúrtha a bhaineann le saol an lae inniu a reáchtáil leis an infheistiú agus an tacaíocht is gá. Ar an lá a chaith muid ag Cùil Lodair, threoraigh an fhoireann muid trí shaoráidí nua-aimseartha an ionaid, a gcuid taispeántas ar an Stair Bheo, a mbialann thofa, an siopa rathúil earraí agus na saoráidí tiomanta i gcóir chruinnithe oideachais, taighde, taispeántas, seoladh táirgí agus ócáidí ar leith.

Bhí an cruinniú deiridh dár gcuid in Inbhear Nis le hionadaithe ó Rannóg Acmhainní Daonna Ollscoil Shrath Chluaidh, an tOllamh Pól Stíobhard agus a chomhghleacaí an Dr. Brian Ó Gairbhith. Tá tiomanta ag Ollscoil Shrath Chluaidh do na spriocanna a leagtar amach i bPlean Náisiúnta na Gàidhlige agus Acht na Gàidhlige (Alba) 2005 agus tá sí i ndiaidh gealltanais agus freagrachtaí a shainaithint le cinntiú go gcabhróidh Srath Chluaidh mar is fearr is féidir léi le hionbhuanaitheacht teanga is cultúr na Gàidhlige in Albain amach anseo. Phléigh na hionadaithe dá gcuid mar a d’fhéadfadh dátheangachas a bhith mar USP ina ár gcuid pleananna maidir le bialann fiontair phobail agus siopa earraí sa chultúrlann atá i gceist in Ard Mhacha. Thug siad bileoga dúinn faoi earcú, shochtheangeolaíocht agus Plean Gàidhlige na hollscoile a cuireadh i dtoll a chéile in 2012 ar iarratas ó Bhord na Gàidhlige. Rinneadh an plean seo ag Ollscoil Shrath Chluaidh de réir Rannán a Trí d’Acht na Gàidhlige (Alba) 2005.

Tá eagraithe ag ionadaithe CAIRDE cheana féin breis nasc a fhorbairt le Scoil Gnó Ollscoil Shrath Chluaidh agus beidh siad i láthair ag seimineár ag an Ollscoil in Eanáir 2015 chun straitéis trí bliana a chur le chéile maidir le tograí oideachais idirchultúrtha agus fiontair shóisialta san Eoraip le béim ar Ghaeilge. Chomh maith leis seo, tá aontaithe ag ionadaithe ón Lanntair agus ó Chùil Lodair breis comhairle a thabhairt dúinn maidir le gnó agus forbairt tograí nuair a bheidh sin uainn. Tá aontaithe ag Ollscoil Shrath Chluaidh freisin cuairteanna fillte a eagrú go hArd Mhacha chun cabhrú le hoifigigh CAIRDE agus ár gcuid tograí nua fiontair á mbunú againn.

Mar fhocal scoir, d’aontaigh oifigigh CAIRDE Teo go raibh ár gcuairt Seo Sinn! Ina cloch mhíle thar a bheith tábhachtach inár bpleananna chun dhá fhiontar nua cultúrtha a bhunú agus go gcuirfidh sí le bonneagar turasóirí agus cuairteoirí chathair Ard Mhacha. Chuir an chuairt lenár rún ionad Gaeilge a bhunú i gcathair Ard Mhacha a spreagfaidh bunú agus forbairt fiontar cultúrtha trí oiliúint is thacaíocht agus sholáthar áitreabh ar phraghas réasúnta. D’fhoghlaim muid iomaí ceacht, rinne muid neart nasc agus fuair muid taithí luachmhar i gcaitheamh trí lá thar a bheith driopásach.

Ba mhaith le CAIRDE Teo buíochas le Clár Malartúcháin Seo Sinn CheangalG as a gcuid cabhrach airgeadais agus tá muid ag súil le forbairt tionscnamh breise le foireann CheangalG.

Is mise le meas,

 

Máire Ní Phronntaigh
Oifigeach Forbartha Miondíolacháin
CAIRDE Teo
Sráid Thomáis
Ard Mhacha
BT61 7AE

Guthán: 028 37515229

Ríomhphost: eolas@cairdeteo.com

Idirlíon: www.cairdeteo.com