Seo Sinn – Forbairt Feirste

fobairt-feirste

Tuairisc ar thuras go Glaschú

Thar ceann Forbairt Feirste, chuir sinn iarratas isteach go CeangalG ar mhaithe le turas taighde go hAlbain, chun naisc a dhéanamh le lucht na Gàidhlige agus leas coiteann i dtograí a dhéanann pobail teanga a fhorbairt a chur chun cinn. Is é a ba phríomhchuspóir dúinn bualadh leo siúd atá i mbun thograí Fiontair Shóisialta agus Gaeilge don óige.

I Mí na Nollag 2014, chuir Forbairt Feirste comhlacht fiontair shóisialta, Camchuairt, ar bun, a bhfuil d’aidhm leis feidhmiú mar chomhlacht turasóireachta i gcomhar a chuireann turais chultúrtha agus oidhreachta ar fáil ar iarratas a thugann daoine óga isteach agus a chuireann deiseanna fostaíochta ar fáil do Ghaeilgeoirí.

D’ullmhaigh muid ár dturas le tacaíocht is comhairle ó bhainisteoir CheangalG i mBéal Feirste, Concubhar Ó Liatháin, a thug sonraí teagmhála is líonraí le cíoradh dúinn. Ullmhaíodh ár dturas le bheith ann dhá oíche is trí lá, ó mhaidin Déardaoin 29ú go hoíche Dé Sathairn 31ú Eanáir.

Bhain muid an oiread feidhme agus a b’fhéidir as ár dtacaíocht deontais agus thug muid linn seisear gníomhairí ar an turas taighde: Feargal Mac Ionnrachtaigh, Bronagh Fusco, Aodh Corcoran, Conchúr Ó Muadaigh, Orlaith Nic Siacais and Conchúr Mac Siacais. Tá chuile dhuine acu ina bhall de bhord Chamchuairt, le cúlra in obair óige trí mheán na Gaeilge.

Déardaoin 29ú Eanáir

 

D’eitil muid amach tráthnóna Déardaoin ag 12:30, 29ú Eanáir agus thiomáin muid caol díreach ar ‘ar lóistín in Óstán Oirthear Gael, atá suite i dTriantán Gàidhlige Phartaig i lár Ghlaschú. Shiúil muid linn gan mhoill go cruinniú foirmiúil le Sarah Bolland ag a dó a chlog tráthnóna, a chuir tús leis an bhfiontar Gàidhlige Coffee and Craic. Bhí an cruinniú torrach agus d’aontaigh muid casadh is caitheamh léin nuair a bheas sí thall le cuairt a thabhairt ar an gCultúrlann i gCeathrú na Gaeltachta.

Tráthnóna chuaigh muid go hoíche cheoil is fonnadóireachta Gàidhlige Tí Mhaoileoin i lár Ghlaschú. Chas muid ann leis an bhfear Gàidhlige Aonghas MacLeòid a thug cur cur síos ar an bhfeachtas neamhspleáchais i nGàidhlig, Bu chòir, dúinn.

Dé hAoine 30ú Eanáir

 

Maidin Dé hAoine ansin chuaigh muid agus chas muid le hEimhin Ó Dubhthaigh ag a haon déag a chlog, an t-oibrí forbartha le Conradh na Gaeilge i nGlaschú. Thug e ar shiúlóid chultúrtha thart timpeall Ghlaschú muid, le cuairt ghearr ar oifigí Bhord na Gàidhlige agus Chumann na Gàidhlige.

I ndiaidh lóin, thug muid cuairt ar Scoil Ghàidhlige Ghlaschú le casadh le hAlison Ní Dhorcaidhe Oifigeach Óige le Cumann na Gaidhlige agus ghlac muid páirt ina club óige seachtainiúil trí mheán na Gàidhlige Cèic is Cabadaich idir 12.45 agus 2 tráthnóna, mar a n-ithean na daoine óga cácaí úra agus a mbíonn siad ag cleachtadh labhairt na Gàidhlige i suíomh neamhfhoirmiúil éadrom.

Chas muid ina dhiaidh sin le Catrìona Chaimbeul, leasphríomhoide Scoil Ghàidhlige Ghlaschú a thug turas mion dúinn faoin naíolann, an bhunscoil agus an mheánscoil atá ar an láthair chéanna.

Oíche Dé hAoine, ghlac muid páirt sna seisiúin i dTriantán Gàidhlige an Snaffle Bit, Teach Tábhairne na Páirce agus Ósta Íle agus cuireadh in aithne do Ghaeilgeoirí éagsúla muid.

Dé Sathairn 31ú Eanáir

 

fobairt-feirste-edi

D’fhág muid Óstán Oirthear Gael i ndiaidh bricfeasta agus chuaigh muid ar an traein go Lìte i nDún Éideann Thuaidh ag a deich a chlog.
Rinn muid caol díreach ar an Out of the Blue Drill Hall i Lìte a fheidhmíonn anois mar ionad cultúrtha pobail.

Idir 11.30 agus 2in, ghlac muid páirt i seimineár maoinithe a reáchtáladh ag an Ollamh Pól Stíobhard ó Ollscoil Shrath Chluaidh, i gcomhar le hionadaithe ón ngrúpa Gaeilge atá lonnaithe i gcathair Ard Mhacha, Cairde Teo, lena n-áirítear Gearóid Ó Macháil agus Tommy McKearney. Dhírigh seo ar chomhiarratas go Clár Eoraip na Saoránach faoi Thograí Sochaí Sibhialta de chuid an AE.

Chuir an seimineár seo iarratas le chéile a cuireadh faoi bhráid an AE ar 1ú Márta, ag díriú ar líonra foirmiúil oideachais de lucht ceardchumann agus cultúrtha a mhúnlú, lonnaithe i 3 nó 4 stáit de chuid na hEorpa chun dea-chleachtas agus smaointe cruthaitheacha a roinnt sna réimsí a bhaineann le samhaltaí comhoibrithe eacnamaíocha agus forbartha cultúrtha. Más rud é go n-éiríonn leis, éascóidh an líonra seo cuairteanna malartúcháin idir na tíortha comhpháirtíochta le lucht ceardchumann, treoraithe pobail, gníomhairí cultúrtha, fiontair shóisialta, eagraíochtaí óige is spóirt i gceist.

Ag a cúig a chlog tráthnóna, ghlac muid an traein ar ais go Glaschú agus tacsaí go dtí an t-aerfort agus abhaile linn.

Ó am an turais seo i leith, bhí an Coláiste Gaeilge i mBéal Feirste, Coláiste Feirste, a mbíonn muid ag obair go dlúth leis ar thuras malartúcháin eile go Scoil Ghàidhlige Ghlaschú, dìreach an tseachtain a d’imigh tharainn. Bhí Alison Ní Dhorchaidhe ó Chumann na Gàidhlige i dteagmháil go mion minic freisin faoi mhalartú óige a d´fhéadfadh breis eolais a thabhairt do lucht na Gàidhlige faoi na forbartha nuálacha i mBéal Feirste maidir le hobair óige trí mheán na Gaeilge.