Ag Foghlaim ó na Cinn is Fearr

10 gCás-Staidéir de Chraoltóirí Mionteangacha

An Dr Mícheál Mac Cormaic

Réamhrá


Roghnaíodh na deich gcás-staidéir seo chun taispeáint mar a bhíonn smaointe nua á gcur i dtoll a chéile ag craoltóirí mionteangacha chun a gcuid teangacha a chur faoi bhráid lucht éisteachta meán chun cabhrú le cothú agus forbairt na dteangacha sin. De réir mar a thug teicneolaíocht nua borradh faoi asraonta sna meáin (trí líonraí sóisialta, blaganna, micreabhlaganna, láithreán físeán srl) ní hé an fhadhb do ghníomhairí mionteangacha ganntan asraon níos mó mar a bhí tráth dá raibh ach conas feidhm a bhaint as na hasraonta iolracha seo maraon leis na meáin thraidisiúnta chun an leas is fearr a thabhairt dá bpobal teanga.

Ní mór a mhíniú, áfach, go bhfuil cineál débhríochta ann faoi théarmaí ar nós mionteanga, teanga dhúchasach agus teanga neamhfhorleathan. Ciallaíonn gach uile cheann de na téarmaí seo rud éigin ábhairín difriúil seachas na cinn eile. Is iomaí craoltóir, mar shampla, a thugann craoltóirí dúchasacha orthu féin a bhíonn ag baint feidhme as mórtheanga ar nós an Bhéarla chun ábhar mar gheall ar dhaoine dúchasacha a chraoladh nó a bhíonn á húsáid chun craoladh do ghrúpaí éagsúla de dhaoine dúchasacha (áirítear le World Indigenous Television Broadcasters’ Network, mar shampla, sampla den dá cheann seo). Sna cás-staidéir ghearra seo a leanas, is mionteangacha iad na teangacha a roghnaíodh. Is é sin, is teangacha iad a labhraítear ag mionlach daoine i stát áirithe-agus de ghnáth freisin ag mionlach i réigiún de chuid an stáit-nach mionteangacha iad i dtíortha eile mar a mbeadh tacaíocht acu ó na meáin (mar is amhlaidh leis an gcuid is mó de theangacha imirceach, mar shampla).

Cé gurbh é rún an togra seo ar dtús samplaí de dhea-chleachtas a shainaithint, is rud é sin ar deacair é a dhéanamh, má táthar le dea-chleachtas a shainaithint trí thorthaí, is é sin, trí chomh láidir agus a bhíonn tionchar asraon na meán ar chothú teanga. Ní féidir le measúnacht ar mharthanas agus ar fhorbairt teanga ach a bheith san fhadtéarma agus tarlaíonn caitheamh na meán i gcomhthéacs ilfhactóra ina bhfuil sé thar a bheith deacair fachtóir amháin a chur ar leithlis, ar nós clár teilifíse. I leaba sin. más ea, roghnaíodh na samplaí seo mar bhealaí chun feidhm a bhaint as na meáin a mheastar a bheith rathúil ag lucht a ndéanta agus a d’fhéadfadh a bheith áisiúil i gcomhthéacsanna eile dá bhrí sin.

Cuireann sé seo ceist, áfach, mar gheall ar chomparáid. Ós rud é go ndéantar mionteangacha a shainmhíniú de réir mórteangacha, is furasta dearmad a dhéanamh cé chomh héagsúil ó chéile agus a d’fhéadfadh cúinsí mionlach a bheith. Mura dtuigeann muid an éagsúlacht seo is cosúil go ndéanfar ceachtanna a fhoghlamaítear ó chomhthéacs amháin a chur i ndrochfheidhm nuair a úsáidtear i gcomhthéacsa éagsúil go maith iad. Dá réir sin tugtar nóta gearr comhthéacsa roimh gach sampla, ag cur síos ar shuíomh na teanga atá i gceist.

Na cás-staidéir

Socraíodh iad seo go ginearálta trí mhachnamh ar dtús ar bhealaí chun tacú le foghlaim teangacha, ansin cineálacha clár, agus ar deireadh bealaí chun cur le luchd éisteachta, cé gur léir go ngabhann na trí chatagóir thar a chéile. Cuireadh iachall ar an rogha de réir a bhfuil le fáil d’eolas i mBéarla.

I ngach cás rinneadh an comhthéacs a mhúnlú chun leanúint ar aghaidh go fadhb áirithe, agus feidhm as na meáin mar fhreagairt air seo.

Mar phointe ghinearálta ar dtús báire, is fiú a lua, fearacht craoltóirí eile, go mbaineann beagnach gach craoltóir mionteanga feidhm anois as áiseanna ar nós Facebook agus Twitter. Mar bharr air sin, bíonn lear mór mionteangacha ag nochtadh ar YouTube, go minic sa sraith físeán ar a dtugann YouTube seanail.


Teilifís idirghníomhach i Haváís

An comhthéacs: Labhraítear Haváís sna hoileáin Haváíonacha san Aigéan Séimh Thuaidh, agus tá sí gaolta le teangacha Polainéiseacha an Aigéin Shéimh Theas.

Sa naoiú aois déag agus san fhichiú aois is beag nár éag Haváís agus, go deimhin, de na seacht oileáin i Stát Haváí ar a bhfuiltear ag cónai go buan, mhair Haváís mar an chéad theanga díreach i gceann (Niihau, an ceann is lú den seacht). Ó 1978, áfach, is teanga oifigiúil sa stát í Haváís agus d’éirigh le bearta cothaithe is forbartha teanga a glacadh ó shin, go mór mór ó bunaíodh aonaid na naonraí in 1984. I nDaonáireamh 2010 na Stát Aontaithe, b’é líon na gcainteoirí Haváíse rud beag de bhreis ar 24,000 (is é daonra iomlán an stáit rud beag faoi bhun 1,400,000).

 An fhadhb

Is simplí an fhadhb anseo: tá líon beag cainteoirí scaipthe thar roinnt oileán. Is saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe na daoine seo agus tá taithí acu mar sin ar leibhéal ard de sholáthar meán. Conas is féidir le Haváís í a féin a chur ina leithéid de thimprallacht teilifíse?

An réiteach

In 2009 chruthaigh ‘Ōiwi TV, i gomhpháirtíocht le hOceanic Time Warner Cable, Scoileanna Kamehameha (grúpa príobháideach de scoileanna ag díriú ar dhúchasaigh Haváí agus ar mhúineadh Haváíse) agus ‘Aha Pūnana Leo (tumscoileanna príobháideacha Haváíse) stáisiún dúchasach teilifíse Haváíse. Tá sé le fáil ar Warner Cable sa limistéar mar Channel 326 agus le fáil ar an Idirlíon freisin. Baineann sé feidhm as teicneolaíocht CloudTV chun cláir idirghníomhacha a chur ar fáil.

Cuireann teicneolaíocht ar chumas do ’Ōiwi TV inneachar idirghníomhach a sholáthar go scáileáin theilifíse ar bhealach atá ar aon dul le treochta i dtaobh mar a bhreathnaíonn daoine ar inneachar, láithreach bonn agus ar éileamh. Bíonn lucht féachana ag dúil le rochtain fíorama do na cláir atá ag teastáil uathu, nuair a bhíonn siad uathu agus déanann ‘Ōiwi TV sin go díreach. (ó láithreán Gréasáin ‘Ōiwi TV).

Áirítear le gnéithe an tseanail pána simplí nascleanúna, fotha idirghníomhach nuachta, fotha Twitter, agus rialtáin il-luais físeán. Bíonn an stáisiún ag freastal ar 220,000 baile i stát Haváí faoi láthair. Is féidir eolas faoin sainéal a fháil ag www.oiwi.tv/aboutus/ agus is féidir samplaí de chláir a fháil ag www.oiwi.tv/live/.

Is é tábhacht úsáid seo na hidirghníomhaíochta ní hamháin an phointe fhollasach ó thaobh oideachais faoina gcuireann sé ar fáil maidir le foghlaim na teanga ach freisin ar an mbealach ina gcoinníonn sé Haváís ar thús cadhnaíochta i bhforbairtí sna meáin. Measadh teilifís san am a caitheadh mar bhealach bunriachtanach chun taispeáint gur féidir lei mionteangacha coinneáil le saol an lae. Déanann teilifís idirghníomhach é seo sa 21ú haois.


Ag tabhairt ugaigh d’fhoghlaimeoirí Breatnaise

An comhthéacs:  Tá pobal na Breatnaise ar cheann de na pobail mionteangacha is fearr lonnaithe san Eoraip. Nocht Daonáireamh 2011 na Ríochta Aontaithe 562,000 duine mar chainteoirí na teanga, 19% de dhaonra na Breataine Bige.

Díobh seo, bhí scileanna iomlána teanga ag 431,000, is é sin, bhí siad in ann Breatnais a labhairt, a léamh agus a scríobh. Tá cainteoirí dúchais na teanga lonnaithe in iarthuaisceart na tíre. Measadh freisin go bhfuil breis agus 100,000 de chainteoirí Breatnaise a bhfuil cónaí orthu i Sasana. Tá an teanga á cosaint ag reachtaíocht, céad Acht na Breatnaise ó 1967. Rinne an reachtaíocht is déanaí, Acht 2011, Breatnais ina teanga oifigiúil sa Bhreatain Bheag, thug sé di paireacht iomlán le Béarla agus bhunaigh Coimisinéir Breatnaise chun an teanga a chosaint. Glactar le Breatnais anois mar chuid de chóras oideachais agus rialtais áitiúil.

Tá craoladh teilifíse i mBreatnais lonnaithe le fada freisin le S4C ar cheann de na chéad seanail teilifíse do mhionteangacha san Eoraip, ag tosú in 1982. Cé go raibh cláir Bhéarla ar an seanal i gcaitheamh an lae ar dtús báire, ó d’éirigh sé digiteach (le fáil trastíre agus trí shatailít), is sa Bhreatnais amháin atá sé. Maoinítear S4C go príomha ón rialtas. San am a caitheadh bhí sé seo mar dheontas díreach ach faoi láthair táthar á athrú chun a chuid maoinithe a fháil tríd an mBBC.

An fhadhb

I gcomhthéacs ina bhfuil an teanga lonnaithe go maith i gcóras na réamhscolaíochta is na scolaíochta, tá ceist ann i gcónaí faoi fhoghlaimeoirí fásta, go mór mór ós rud é go bhfuil gá le heolas ar Bhreatnais le haghaidh neart post i rialtas áitiúil.

An réiteach

Tá an clár Hwb (a chiallaíonn ugach) agus na meáin a ghabhann leis curtha le chéile ag S4C le haghaidh na bhfoghlaimeoirí seo. Is éard atá sa chlár féin gnáthshraith ar feadh 30 nóiméad in aghaidh na seachtaine ach chomh maith leis seo baineann sé feidhm as meáin cur leis le muintir Facebook agus Twitter agus seanal YouTube dá chuid féin, HwbTV (http://youtube.com/hwbtv). Tá fáil ar chláir ón am a caitheadh ar Clic, seirbhís físeán-ar-éileamh S4C freisin. Tá ábhar foghlamtha teanga le fáil freisin mar chomhaid PDF iníoslódála. Le heolas ag nochtadh ar an láithreán Gréasáin faoi imeachtaí áitiúla chomh maith, d’éirigh le Hwb mothú láidir faoi phobal a mhúnlú (mar is léir ó thuairimí úsáiditheoirí). Níor cheart na bealaí seo chun freastal ar lucht éisteachta fásta a chur i neamaird. Ní oireann an seansmaoineamh faoi chlár seachtainiúil, le hábhar léitheoireachta lena gcois, do riachtanais fhoghlaimeoirí an lae inniu. Trí éagsúlacht áiseanna a úsáid agus thrí fhoghlaimeoirí a nasc oiread agus is féidir, tá Hwb tar éis an próiseas ar fad a bhaineann le foghlaim teanga do dhaoine fásta a nuashonrú.


Foghlaim teanga ar theilifís na Maoraise

An comhthéacs: Sa Nua-Shéalainn, is é Maorais an t-aon teanga Bundúchasach amháin.

Is teanga Pholainéiseach Thoir í, agus í gaolta le roinnt teangacha eile a labhraítear in oileáin an Aigéin Shéimh Theas. I nDaonáireamh na Nua-Shéalainne in 2006, dúirt 131,613 duine go raibh siad in ann cómhrá éigín a choinneáil i Maorais, cé go gceaptar go bhfuil na gcainteoirí líofa amach is amach i bhfad Éireann níos lú (measadh ag 29,000 in 1996 é). Tá na limistéir inar treise an teanga i leath thuaidh an Oileáin Thuaidh ar fad. Thosaigh an ghluaiseacht chun an teanga a chothú i ndeireadh na 1970anna agus ina diaidh sin tháinig frobairt de réir a chéile ar oideachas le maoiniú rialtais i Maorais trí chóras na scoileanna. Ó 1987, is teanga oifigiúil de chuid na Nua-Shéalainne é.

In 2004 cuireadh tús le Teilifís na Maoraise, maoinithe ag an rialtas den chuid is mó, ach le roinnt ioncaim ó fhógraíocht chomh maith. Craolann sí i mBéarla is i Maorais araon. In 2012 bhí beagán de bhreis ar a leath den méid a craoladh i Maorais. Is é aidhm an stáisiúin cultúr Maoraise a chur chun cinn chomh maith leis an teanga féin, agus tá go leor dá gcuirtear amach sa Bhéarla, nó ar a laghad bíonn fotheidil Bhéarla leis. In 2008 thosaigh seanal breise, Te Reo, ag craoladh i Maorais den chuid is mó, agus gan a bheith ag baint feidhme as fotheidil (ná fógraíocht). Dírítear go príomha ar an lucht éisteachta atá líofa as Maorais é. Tá an dá sheanal le fáil ar shatailít agus ar dhigiteach trastíre.

An fhadhb

Fadhb a bhíonn ag go leor pobal mionteanga ná conas an fheidhm is fearr a bhaint as cláir foghlamatha teanga, seachas a bheith díreach á gcur i bhfolach sna sceidil.

An réiteach

Chun déileáil leis seo, tá céim tugtha ag Māori Television thar stáisiúin eile. Gach lá, bíonn bloc cúig uaire de chláir foghlamtha teanga, ó 10 ar maidin go 3 tráthnóna. Craolatr iad seo ar an gcéad seanal de chuid Māori Television. Baintear feidhm as trí shraith. Is é an leibhéal is simplí Kōrero Mai, a bhaineann feidhm as dráma chun an teanga a thabhairt isteach. Is é an dara leibhéal Tōku Reo, clár foghlamtha teanga atá ábhairín níos casta, ag baint feidhme as suíomh idirghníomhach Gréasáin. Is é an tríú leibhéal Ako, clár do chainteoirí idirmheánacha. Beidh cur amach ag aon mhúinteoir teanga a bhaineann feidhm as teilifís ar na míreanna faoi leith anseo. Is é cuimsitheacht na seirbhíse Maoraose a fhágann ar leith í. Tá gach clár 30 nóiméad ar fad, le ceithre cinn den chéad dá shraith ag teacht i láthair gach lá, agus dhá cheann d’Ako. Tugann sé seo déine agus cinnteacht craolta a fhágann rian maith. Is cosúil freisin go mbíonn na cláir ag dul i gceann a chéile de bheagán, le lucht féachana ag leibhéal amháin níos cosúla breathnú ag leibhéil eile nuair a chuirtear na cláir i láthair mar bhloc ar an mbealach seo. Chomh maith le feidhm as suíomh idirghníomhach Gréasáin mar thacú le Tōku Reo, is féidir breathnú air na cláir in Ako ar líne (http://www.maoritelevision.com/tv/shows/ako).


Ag úsáid canúintí éagsúla sa Téaváin

An comhthéacs: Cé gur labhair muintir Théaváine go leor teangacha Austronesian ar dtús, i láthair na huaire is é Mandairínis an teanga atá i réim sa Téaváin (Poblacht na Síne), le foirmeacha éagsúla eile de Shínis á labhairt le grúpaí nach beag. Tá Hoikken Téaváineach (ar a dtugtar scaití díreach Téaváinis) á labhairt le 70% den daonra.

Baineann sí le grúpa teangacha a labhraítear ar thír mór na Síne is gaire don Téaváin. Is é an chéad theanga eile atá i mbéal an phobail Hakka, á labhairt le 4.6 milliún duine (de dhaonra iomlán Téaváineach de 23 milliúin). Is teanga eile de chuid tír mór na Síne í Hakka, a bhfuil a príomhréimse ó dheas ar limistéar Hokkien. Labhraíonn an chuid eile den daonra Téaváineach teangacha Síneacha eile le gan ach líon beag bídeach ag labhairt na dteangacha bundúchasacha. Níl na foirmeacha éagsúla den Sínis, ar nós Manadairínise, Hokkien agus Hakka, intuigthe dá chéile. Tá siad seo scaipthe ar fud na Téaváine agus is éard is údar leo imirce daoine éagsúla san am a caitheadh as limistéir éagsúla de thír mór na Síne ina labhraítear Hakka. Ó na 1990anna, tá athrú tagtha ar an dearcadh oifigiúil i bhfách teangacha nach teanga ná canúintí Mandairínise iad agus tharla rud beag d’athbheochan ar a n-úsáid sa saol poiblí. In 2012, rinneadh Hakka ina teanga oifigiúil de chuid na Téaváine. Thosaigh Taiwan Broadcasting System (TBS), ar leis an rialtas é, Hakka TV in 2003. Bíonn an seanal seo san iomaíocht le cúig cinn de sheanail náisiúnta in aisce a bhaineann feidhm as Manadairínis is Téaváinis, agus roinnt seanal cábla a bhfuil ráchairt mhór orthu.

An fhadhb

Is é an fhadhb atá ag cainteoirí Hakka ná, cé go bhfuil lear mór cainteoirí aice de réir na gcaighdeán is mó, taobh istigh dá pobal féin go bhfuil canúintí éagsúla scaipthe ar fud na Téaváine. Conas is féidir seanal teilifíse a úsáid gan na pobail seo le chanúintí éagsúla a dhéanamh coimhthíoch dá chéile?

An réiteach

B’é an réiteach do Hakka TV ná feidhm a bhaint go córasach as na cúig príomhchanúintí. Tá dhá cheann acu seo i mbarr réime ach baintear feidhm rialta as na trí cinn eile anois freisin le linn craoladh gach lae. Faoi 2011, chaith na cláir speisialta seo (338 uaire in aghaidh na bliana san iomlán) 23.1% dá gcuid ama do gach ceann de thrí cinn de na canúintí agus 15.4% do gach ceann den dá chanúint eile. Dúirt Tuarascáil Bhliantúil Hakka TV 2011 “Is é ár sprioc cuid chothromach de gach canúint a chraoladh.” In 2012 áiríodh leis na cláir seo na 168 d’eadarlúidí den sraith foghlama teanga “Hi Hak!” i ndá bhlas chanúint Shixian de Hakka (Tá Sixian Thuaidh agus Sixian Theas achar fada óna chéile). Bíonn an fhadhb ag go leor pobal mionteanga conas déileáil le canúintí éagsúla. Tá Hakka TV i ndiaidh a bheith córasach ina chur chuige maidir leis seo, ag cinntiú nach ndéantar faillí ar aon phobal tábhachtach agus ar an mbealach sin ag baint na feidhme is fearr don phobal mionteanga i gcoitinne.


Nuacht Sháimis thar thrí thír

An comhthéacs: Tá teangacha Sáimise scaipthe thar tuaisceart Chríoch Lochlann, ón Ioruaidh anonn go Leithinis Kola in Iarthuaisceart na Rúise. Tá grúpa Sáimise déanta suas de roinnt teangacha gaolta, lena chanúint féin ag gach ceann acu.

Is é an teanga is treise sa ghrúpa Sáimis Thuaidh le thart faoi 15.00 de chainteoirí scaipthe thart faoin limistéar ina gcasann an Ioruaidh Thuaidh leis an tSualainn Thuaidh is leis an bhFionlainn Thuaidh. Labhraítear Sáimis Lule, le níos lú de chainteoirí, níos faide ó dheas san Ioruaidh agus sa tSualainn. Labhraítear teangacha is canúintí Sáimise eile le grúpaí de bheagán céadta níos faide ó dheas san Ioruaidh is san tSualainn agus níos faide thoir sa Rúis. Tá aitheantas oifigiúil ag Sáimis anois san Ioruaidh, sa tSualainn agus san Fhionlainn. Cé nach bhfuil aon stádas dlíthiúil aice sa Rúis, múintear anois ag Oillscoil Murmansk í. Tá cónaí ar go leor de mhuintir Sháimi sa Chiorcal Artach, áit a bhfuil tréadaíocht réinfhianna mar phríomhobair fós. Tá go leor eile ina gcónaí i mbailte agus i gcathracha anois mar sin féin.

An fhadhb

An fhadhb atá ag Sáimis, baineann sé le teorainneacha. Cé go bhfuil breis cainteoirí Sáimise a bhfuil cónaí orthu san Ioruaidh ná i dtír ar bith eile, tá líon nach beag sa tSualainn, le líon níos lú san Fhionlainn agus beagán sa Rúis. Conas is féidir feidhm a bhaint as na meáin chun na pobail seo a nasc-go mór mór nuair a chuimhníonn muid cé go bhfuil Ioruais is Sualainnis gaolta go dlúth le chéile, go mbaineann Fionlainnis is Rúisis le grúpaí teangacha eile ar fad, agus nach bhfuil aon cheann de na teangacha seo a bhfuil naisc aice le Sáimis?

An réiteach

Is é Oððasat réiteach lucht craolta Chríoch Lochlann ar an bhfadhb seo. is comhartha é den iarracht chun na pobail scaipthe seo a nasc. Le ceangal satailíte, craoltar clár nuachta 15 nóiméad gach lá i gcaitheamh na seachtaine i Sáimi Thuaidh. Tacaíonn gach ceann de na trí craoltóirí poiblí i gCríoch Lochlann – NRK san Ioruaidh, SVT sa Sualainn agus YLE san Fhionlainn—leis an seirbhís seo, agus cuireann fotheideil ar fáil ina príomhtheanga féin. Níl soláthar nuachta 15 nóiméad gach lá ina dhíol suntais ann féin ar ndóigh. Is é an bealach inar tháinig na trí craoltóirí náisiúnta le chéile a dhéanann tábhachtach é. Tá cur ar fáil fotheideal i ngach ceann de na trí theanga de chuid Chríoch Lochlann tábhachtach freisin sa mhéid go n-áirítear le gach ceann de na tíortha líon nach beag daoine a mheasann iad féin a bheith ina Sáimi ach nach bhfuil líofa sa teanga, nó atá líofa i leaganacha de Sháimis atá éagsúil go maith ó Sháimis Thuaidh. Tá an clár tarraingteach do shraith d’éisteoirí éagsúla in éagsúlacht teangacha is canúintí agus cónaí orthu i gcúinsí éagsúila – tíortha éagsúla agus comhthéacsanna éagsúla taobh istigh de na tíortha seo. Tá na cláir le fáil ar líne freisin. Le haghaidh leagan SVT, féach www.svtplay.se/oddasat.


Craoladh d’ilmhionlaigh san Astráil

An comhthéacs: Ta scéal na dteangacha bundúchasacha san Astráil casta.

Meastar nuair a tháing muintir na hEorpa ann san ochtú aois déag ar dtús go raibh idir 350 is 750 de theangacha éagsúla á labhairt ar an mór-roinn. De réir d’Ethnologue, is ann do 145 acu faoi láthair, dá rangaítear 110 i mbaol go dian nó go criticiúil. I díreach beagán acu atá páistí ag foghlaim na teanga sa bhaile. Tá na grúpaí móra féin beag. Ag na teangacha is mó a bhaintear feidhm astu, ar nós Warlpiri, Pitjantjatjara agus Arrentre Thoir, tá idir 2,000 is 3,000 de chainteoirí. Labhraítear an chuid is mó de theangacha bundúchasacha na hAstráile le grúpaí i bhfad níos lú. Déantar na firicí teangeolaíocha seo a dhéanamh níos measa le cinn shocheacnamaíocha. De ghnáth bíonn na Bundúchasaigh a labhraíonn na teangacha seo fós ina gcónaí i limistéir i bhfad as láthair agus faoi ilbhochtanas. Tá a lán neamhliteartha. Tá a lán nach bhfuil in ann Béarla a labhairt (is cainteoirí aonteanga iad 80% de luchd labhartha Pijantjatjara). Fiú i bpobal na mBundúchasach, ní bhíonn ach 12% ag labhairt aon teanga de chuid na mBundúchasach sa bhaile, rud a fhágann na teangacha seo ina mionteangacha sna mionphobail féin. Thosaigh craoltóireacht gu sonrach le haghaidh na bpobal Bundúchasacha le bunú, le maoiniú ón rialtas, Central Australian Aboriginal Media Association (CAAMA) in 1980. Bhí seo ina sheirbhís radio pobail ar dtús (ag úsáid Béarla agus sé teangacha dúchasacha). In 1988 bunaíodh an stáisiún príobháideach teilifíse satailíte Imparja ag CAAMA, lonnaithe in Alice Springs ag clúdach réimse láir na hAstráile. In 2007 seoladh stáisiún teilifíse satailíte, National Indigenous Television (NITV), le maoiniú ón rialtas. Rinneadh é seo a atheagrú agus a athsheoladh i mí na Nollag 2012 agus tá fáil air anois ar theilifíse digiteach trastíre.

An fhadhbm

Is é an fhadhb san Astráil ná conas freastal ar ghrúpaí teangacha atá éagsúil, beag agus scoite gan a bheith díreach ag luí leis an mBéarla.

An réiteach

Is é an t-aon chlár amháin i dteangacha dúchasacha ar NITV ná Nganampa Anwernekenhe. Cuireann an teideal féin a chur chuige faoi mheascán teangacha in iúl sa mhéid go gciallaíonn an dá fhocal “Linne” i dteangacha Pitjantjatjara agus Arrentre. Is sraith faisnéise an clár (atá anois i ndiaidh breis is 180 eadarlúid a chraoladh) agus é ag breathnú ar chultúr Bundúchasach agus ag úsáid teangacha Bundúchasacha, le fotheidil Bhéarla (féach www.nitv.org.au/fx-program.cfm?pid). Tugann an clár cur síos air féin mar an t-aon chlár amháin le Bundúchasaigh do Bhundúchasaigh. Baineann a lán de na cláir feidhm as teicnící de chuid na mBundúchasach ina gcuid aithrise chun nach gceaptar nach bhfuil sna cláir ach deis do dhaoine nach Bundúchasaigh iad breathnú ar ghnéithe de chultúr na mBundúchasach. Cé go bhfuiltear i suíomh difriúil go maith ó shuíomh mionteangacha de chuid na hEorpa, cuireann an tsraith bealaí suimiúla i gcéill chun teangacha éagsúla a thabhairt le chéile mar aon seirbhís teilifíse amháin.


Dráma ilteangach as an mBreatain Bheag

An comhthéacs: Tugadh comhthéacs na Breatnaise i Sampla 2. Is fiú a an cheist shonrach faoi dhráma teilifíse a lua anseo.

De ghnáth is é seo an cineál is daoire agus is mó ráchairt de chláir theilifíse, rud a bhíonn á dhéanamh thar a bheith deacair do léiritheoirí teilifíse mionteangacha gan dóthain maoinithe acu. Mar bharr air seo, nuair a smaoiníonn muid ar na trí catagóirí de dhráma teilifíse – sraith leanúnach i suíomh baile (sobalchláir), scannáin aonair, agus an ghnáthshraith dráma de ghnáth le gach scéal faoi leith in eadarlúid amháin go trí eadrlúid-éiríonn na fadhbanna níos measa ar fad. Tá go leor craoltóirí mionteanga atá in acmhainn an fhormáid réasúnta saor a bhaineann leis an sobalchlár a dhéanamh, agus bhí go leor in ann infheistiiú i scannáin aonair cho maith ag a mbeidh beatha éigin i margaí eile. Tá samplaí iomráiteacha déanta ag S4C sa dá chatagóir – an sobalchlár Pobol y Cwm (a thosaigh ar sheanal de chuid an BhBC in 1974, a d’aistrigh go S4C in 1982 agus atá ina léim fós) agus scannán 1994 Hedd Wyn a ainmníodh le haghaidh Duais an Scannáin Iasachta is Fearr de chud an Acadaimh. Ach bíonn an fhormáid is mó a ghlacann aire ar ghnáth-theilifís, an dráma dáiríre eadarlúideach, i bhfad níos deacra. Teastaíonn breis maoinithe (in aghaidh na huaire) uaidh ná sobalchlár, ach bíonn an fhéidireacht ceann a rinneadh i miontheanga a dhiol i margaí eile níos laige ná i gcás dráma scannáin aonair.

An fhadhb

Is é an fhadhb atá ann, más ea, conas sraith dráma teilifríse den scoth i mionphobal a mhaoiniú.

An réiteach

Tá freagra ar an bhfadhb tugtha ag S4C trí shraith dráma a choimisiniú i mBreatnais is i mBéarla araon: ní an dá rud le chéile ach leagan amháin i ngach teanga. Rinneadh Y Gwyll, ar a dtugtar sa Bhéarla Hinterland (is éard is brí leis an teideal Breatnaise ná An Dorchadas) le Fiction Factory, comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe in Cardiff, do S4C le baint ag BBC Cymru leis an scéal. Sa chéad shraith bhí ceithre eadarlúid ar feadh dhá uair an chloig a craoladh ar S4C i nDeireadh Fómhair 2013. Bhí an craoladh a bhí ann ar dtús i ndá fhoirm. Gach seachtain taispeánadh an chéad eadarlúid sa Bhreatnais ar dtús, gan aon fhotheidil, ansin roinnt laethanta ina dhiaidh sin sa Bhreatnais le fotheidil Bhéarla. Roinnt míonna ina dhiaidh siúd (Eanáir 2014), craoladh an leagan seo le fotheidil ar BBC One Wales. Tá an leagan Béarla le nochtadh ar BBC Four amach anseo in 2014. Is scéal bleachtaireachta é Y Gwyll agus é lonnaithe in Aberystwyth agus is léir gur imir stíl dráma “noir Chríoch Lochlann” tionchar air. Go deimhin féin, tá an tsraith ceannaithe ag dream as an Danmhairg a rinne ceann acu seo—The Killing—cheana féin. Tríd an tsraith a dhéanamh sa dá theanga, faigheann an lucht féachana Breatnaise dráma níos daoire ná a mbeadh indéanta ar chaoi eile ach faigheann lucht féachana Béarla gan Bhreatnais (bíodh siad sa Ríocht Aontaithe nó in áiteanna eile) leagan gan fotheidil. Tá eolas mar gheall ar Y Gwyll le fáil ag www.s4c.co.uk/ygwyll/e_index.shtml.


Cláir do dhéagóirí san Artach

An comhthéacs:  Labhraítear teangacha Ionúiteacha ar feadh réigiúin Artacha Mheiriceá Thuaidh, ón nGraonlainn go hAlasca.

Is é an príomhcheann a labhraítear i gCeanada ná Inuktitut. Chuir Daonáireamh 2011 i gCeanada líon na gcainteoirí ag thart faoi 34,000. Is teanga oifigiúil i Nunavut í (na críocha Artacha i gCeanada a dealaíodh le Críocha an Iarthuaiscirt in 1999) agus i gCríocha an Iarthuaiscirt agus méid áirithe d’aitheantas dlíthiúil i gceantair in aice láimhe in Quebec agus i Labradar. Comharthaí sóirt limistéir seo na nIniútach ná réigiúin ollmhóra le tlús daonra thar a bheith íseal. Clúdaíonn Nunavut, mar shampla, réimse de 787,000 míle cearnach le daonra iomlán de rud beag faoi bhun 32,000, ar tlús daonra é de 0.04 pearsa an míle cearnach.

Is é an príomhchraoltóir a dhíríonn ar lucht féacha na nIniútach ná Inuit Broadcasting Corporation (IBC), a cuireadh ar bun in 1982. Ar dtús báire craoladh cláir IBC le Canadian Broadcasting Corporation (CBC) ar a Sheirbhís Thuaidh, le gnáthfhadhbanna mionteanga ar nós a bheith á gcraoladh go mall san oíche. Le seoladh Television Northern Canada (TVNC) in 1992, áfach, líonra satailíte, ní raibh cláir IBC ag brath ar CBC níos mó. In 1999 rinneadh Aboriginal People’s Television Network (APTN) de TVNC, lena gcuid clár le fáil ar fud Cheanada. Cé go bhfuil cáil air mar an chéad sheanal teilifíse ag freastal go sonrach ar dhaoine dúchasacha, is sa Bhéarla atá an chuid is mó dá gcuireann APTN amach. Bíonn sé ag iompar cláir IBC, áfach.

An fhadhb

Is fadhb áirithe é glacadh luchd éisteachta déagóirí do go leor craoltóirí mionteanga. Meastar páistí óga a bheith ina lucht éisteachta faoi chuing (go dtí le gairid ar aon nós) agus tuigtear bealaí chun inneachar a chur ar fáil dóibh sách maith. Le lucht éisteachta na ndéagóirí, áfach, níl an réiteach chomh soiléir agus is minic a fheictear foirmeacha cultúrtha idirnáisiúnta (i gceol, i scannáin, ar láithreáin Ghréasáin agus a leithéidí) mar ábhar na ndéagóirí. Ach ní mór do mhionteangacha teagmháil a choinneáil leis na daoine óga seo má táthar chun a suim sa teanga agus sa chultúr a chosaint in aghaidh ionradh na fhormáidí meán idirnáisiúnta.

An réiteach

Tá an clár Qanurli? (a chiallaíonn “Cén chéad rud eile?”), ag díriú ar aoisghrúpa 13 go 15, curtha le chéile ag IBC. Éiríonn leis a bheith ró-fhollasach déanta do pháistí agus freisin a bheith ró-fhollasach ina chlár a rinneadh do “dhaoine fásta óga” a sheachaint. Déanann sé é seo thrí stíl réidh cur i láthair, le cuma ar láithreoirí iad a bheith ag caint lena gcairde seachas le daoine óga. Fadhb bhreise is ea gur dócha go mbeidh buiséid thar a bheith íseal. Is léir gur clár é Qanurli a chuirtear le chéile thar a bheith saor ach éiríonn leis ina dhiaidh sin é sin a chur chun a leasa féin, mar a fheictear sna headrlúidí atá le fáil ar líne (le fotheidil Bhéarla) ag http://aptn.ca/qanurli/. Tá sé le fáil ar YouTube freisin.


Forbairt scileanna bunúsacha teilifíse i nGaeilge na hAlban

An comhthéacs:  De réir Dhaonáireamh na Ríochta Aontaithe in 2011, bhí 57,602 cainteoirí Gàidhlige ina gcónaí in Albain, cé nach raibh ach thart faoi 32,000 a raibh na scileanna acu chun an teanga a labhairt, a léamh agus a scríobh.

Cé go raibh an uimhir iomlán ina laghdú beag ó Dhaonáireamh 2001, is cosúil go bhfuil na figiúir ag socrú. Ó na 1980anna anall tá borradh ag teacht faoi oideachas trí mheán na Gàidhlige, le go leor naíonraí agus scoileanna ag úsáid na teanga agus tá soláthar áirithe sna meánscoileanna féin anois. Tá méid áirithe d’aitheantas oifigiúil ag an teanga ó Acht na Gàidhlige in 2005. Tá pobal na Gàidhlige scaipthe ar fud na tíre. Cé go bhfuil croí na Gaeltachta i bpobal na n-oileán (Leòdhas, Na Hearadh, Uibhist, Barraigh, An t-Eilean Sgitheanach) agus ar an gcósta thiar in aice láimhe, tá neart cainteoirí sna cathracha sa Mhachaire Ghallta, i nGlaschú go mór mór. Go deimhin féin, de réir an Daonáirimh, tá cónaí ar 49% de chainteoirí na Gàidhlige taobh amuigh de na Garbhchríocha agus de na hOileáin.

Cé gur craoladh beagán clár Gàidhlige sna blianta roimhe, bunaíodh craoladh rialta Gàidhlige in 1993, le Coiste Theilifís na Gàidhlige, cé nach raibh i gceist ach roinnt uair an chloig in aghaidh na seachtaine á chraoladh ar sheanail Bhéarla den chuid is mó. In 2008 thosaigh an seanal teilifíse, BBC ALBA, ag craoladh ó 5 tráthnóna go dtí go mall san oíche. Déantar BBC ALBA a rithíocht i bpáirt le BBC na hAlban agus MG Alba (an eagraíocht a bhí ann sular tháinig Coiste Theilifís na Gàidhlige ar an saol). Tá go leor dá gcuireann an seanal amach a bhfuil fotheidil Bhéarla lena gcois.

An fhadhb

Fadhb amháin a bhíonn ag aon phobal mionteanga agus é ag iarraidh an méid léiriúcháin a dhéanann sé a leathnú ná easpa pearsanra oilte. Tá bealaí foirmiúla ann chun déileáil leis seo ar ndóigh trí scéimeanna traenála agus oiliúint faoi na meáin. Beidh siad seo teoranta do dhaoine a bhfuil an rogha déanta acu, agus a bhfuil d’am acu, gabháil le ranganna foirmiúla, áfach. Conas is féidir leas a bhaint as lear níos mó de dhaoine?

An réiteach

Cuiradh FilmG ar bun ag MG Alba in 2009 mar bhealach chun tallann nua teilifíse is scannánaíochta i nGàidhlig a fhorbairt agus a thabhairt le taispeáint. Tá sé ann mar chomórtas bliantúiul i scannáin ghairide (3 go 5 nóiméad), le catagóirí faoi leith do dhaoine óga (in aois 12 go 17) agus do dhaoine fásta. Breathnaíonn an pobal ar na ar na físeáin a chuirtear isteach trí láithreán Gréasáin FilmG agus déantar vótáil orthu. Coinnítear a cuireadh isteach ó 2009 le fáil ar an láithreán Gréasáin . Cuirtear tacaíocht teanga agus tacaíocht theicniúil ar fáil araon, lena n-áirítear ceardlanna i scoileanna agus máistir-ranganna. Ní hamháin gur mhúscail seo suim i ndéanamh scannán ach tá cabhraithe aige chun feasacht lucht féachana Gàidhlige i gcoitinne faoi léiriúchán meán a fhorbairt.


Aipeanna fón i mBascais

An comhthéacs: Labhraítear Bascais (Euskara), nach bhfuil gaolta le haon teanga aitheanta eile, i láthair na huaire le thart ar 714,000 duine, a bhfuil an chuid is mó acu i dTuaisceart na Spáinne ach a bhfuil 51,000 acu in Iardheisceart na Fraince.

Sa Spáinn, tá cónaí ar an gcuid is mó i bPobal Féinrialaitheach Thír na mBascach, cé go bhfuil roinnt freisin i gcuid de na ceantair de chuid Navarra in aice láimhe. Ó 1978, is teanga oifigiúil (chomh maith le Spáinnis) i dTír na mBascach agus sa chuid ó thuaidh de Navarra í Bascais. Níl aon stádas oifigiúil ag an teanga sa Fhrainc. Thug suirbhé in 2006 le fios go raibh 30.1% i dTír na mBascach a bhí ina gcainteoirí líofa Bascaise, go raibh 18.3% a bhí in ann an teanga a thuiscint go méid áirithe ach nach raibh in ann í a labhairt, agus go raibh an 51.5% eile gan chumas sa teanga acu ar chor ar bith. I dTír na mBascach sa Fhrainc, ní raibh ach 22.5% ina gcainteoirí líofa. In Navarre (ina iomláine) bhí 11.1% ina gcainteoirí líofa. Ó 2006, tá méadú beag tagtha ar líon na gcainteoirí Bascaise taobh istigh de Phobal Féinrialaitheach Thír na mBascach. Déanann teangeolaithe dealú de ghnáth idir cúig príomhchanúintí den teanga, a labhraítear dhá cheann acu sa Fhrainc agus ceann amháin in Navarre, ag fágáil príomhréimse na mBascach ag an dá phríomhchanúint, Bizkaian agus Gipuzkoan. Sna 1960anna, rinneadh caighdeán den teanga—Euskara Batua—thar na canúintí éagsúla.

Ó 1982, is é an príomhchraoltóir i dTír na mBascach Euskal Irrati Telebista (EITB), lena n-áirítear an chuideachta teilifíse Euskal Telebista (ETB). Den dá phríomhsheanal teilifíse dá chuid, ní bhíonn ach ETB1 ag craoladh i mBascais, le ETB2 ag baint feidhme as Spáinnis. Is seanal digiteach do pháistí é ETB3, ag baint feidhme as an mBascais. Craolann ETB dhá sheanal idirnáisiúnta freisin, a úsáideann Spáinnis agus Bascais araon—ETB Sat agus Canal Vasco. Cuireadh ETB ar fáil trí shatailít ar dtús ach ó Bhealtaine 2013 is seanal ar an Idirlíon amháin é. Maoinítear EITB go príomha ag rialtas Phobal Féinrialaitheach Thír na mBascach.

An fhadhb

Tá aipeanna le n-úsáid ar fhóin mhóibíleacha, chun rochtain air fhóin chliste agus ar tháibléid a éascú, i ndiaidh éirí níos coitianta is níos coitianta sna cúig bhliain a ghabh thart. Is é an fhadhb atá ann conas an fheidhm is fearr a bhaint astu seo chun cabhrú le mionteangacha.

An réiteach

Tá aip fóin thar a bheith cuimsitheach curtha le chéile ag EITB. Tugann an aip seo rochtain ar réimse leathan dá gcuireann EITB amach: cinnlínte nuachta, nuacht spóirt, físeáin clár teilifíse, agus sleachta as na cláir radio is mó ráchairt. Tá inneachar le fáil i gceithre theanga—Spáinnis, Fraincis agus Béarla, chomh maith le Bascais. Tugann sí rochtain ar áis éileamh-ar-iarratas EITB. Fágann sé seo í, mar a deir láithreán Gréasáin EITB mar “an stór is mó d’inneachar closamhairc sa Bhascais go dtí seo”. Is léir gur teicneolaíocht í a bhfuil an chosúlacht uirthi a bheith ina tarraing mhór do dhaoine óga.