Físeáin SpreaG

Is spreagadh den scoth é SpreaG. Sa sraith seo d’fhíseáin, beidh trácht ar dhaoine mór le rá agus scéalta spreagúla na MórGhaeltachta agus é d’aidhm leis daoine eile a spreagadh chun é a dhéanamh le hais díreach a bheith á phlé faoi mar a deir siad i mBéal Feirste!

Ag Ceangal na bPobal: Gearóid Ó Cairealláin

Sa chéad cheann d’fhíseáin SpreaG pléitear Gearóid Ó Cairealláin, fear mór le rá i gcúis na Gaeilge ar bhain stróc dó in 2006 a mharaigh é, geall leis. Agus é i gcathaoir rothaí anois, insíonn Gearóid a scéal suntasach féin, lena n-áirítear mar a bhuail sé bob ar an mbás in ICU ospidéil agus mar a d’athraigh sé a shaol tar éis dó teacht amach ón ospidéal. Bliain is an lá a bhain stróc dó, phós sé Bríd Ó Gallchóír agus inniu is scríbhneoir agus gníomhaí rathúil é, agus é ag dul thart lena sheó aonair, The Wheelchair Monologues, ar fud na hÉireann.

Abair leat, a Ghearóid….


Ceangal na Meán: Rónán Mac Aodha Bhuí


Fear de chraoltóirí mór le rá Radio na Gaeltachta RTÉ agus bunaitheoir an Chiorcail Chraiceáilte é, ar gluaiseacht fhairsing daoine atá tiomnaithe sult a bhaint as a saol trí mheán na Gaeilge í, é Rónán Mac Aodha Bhuí. San fhíseán seo, iarann sé go ndéantar athrú bunúsach ar thionscadal ceoil na hÉireann le bunú ‘Rocadamh’ do cheoltóirí /fhonnadóirí/lucht ilmheán/idirlín, lipéid nua cheoil, ciorcad coirm cheoil agus áiseanna eile chun a bheith ar aon chéim leis an réabhlóid i measc breis is breis Gaeilgeoirí óga.


Ag Ceangal na bPobal: Linda Ervine


Tá obair Linda Ervine ag cur na Gaeilge chun cinn i bpobail Dílseoirí Oirthear Bhéal Feirste ar cheann de na clocha míle is tábhachtaí i bhforbairt na Gaeilge le blianta beaga anuas. Ní cheapfá go deo roimhe sin go mbeadh ranganna Gaeilge ar siúl ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda in Oirthear Bhéal Feirste ach ó 2012 i leith tá líon na ndaoine ag freastal ar na ranganna sa mhisean in Oirthear Bhéal Feirste i ndiaidh a bheith ag fás bliain ó bhliain. San fhíseán seo de chuid SpreaG, ní cheileann Linda a rún faoi na dúshláin atá os a comhair amach ach nochtann sí dóchas nach beag go dtuigeann breis dá pobal féin go bhfuil an Ghaeilge mar chuid dá n-aitheantas Briotanach agus atá sí mar chuid d’aitheantas Éireannach daoine eile. Áitíonn sí freisin faoi naisc bhreisithe le hAlbain agus an fhís atá aice faoi Ghaeltacht Aontaithe!


Ceangal Turasóireachta: Liam Ó Cuinneagáin


Is é Liam Ó Cuinneagáin bunaitheoir Oideas Gael, an coláiste samhraidh Gaeilge is mó le rá do dhaoine fásta ach anseo tá misean eile aige, forbairt Shlí Cholmcille a chur chun cinn, rian a thabharfadh cuairteoirí óna dhúchas féin i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Thír Chonaill go hOileán Í in Albain. Dar le Liam go mbeadh seo ar aon dul le Camino de Santiago i dtuaisceart na Spáinne/ndeisceart na Fraince agus go mbeadh sé ina sócmhainn mhór mhillteanach ó thaobh turasóireachta cultúrtha.


Ceangal na nEalaíon: Julie Fowlis


Is fonnadóir as Uibhist Thuaidh sna hOileáin Thiar í Julie Fowlis, a bhfuil a leaganacha cumhachtacha d’amhráin Ghaeilge i ndiaidh i a thabhairt ar fud an domhain. Is é Julie a chas amhrán téama scannán Disney, Brave, agus le deireanas bí an chéad amhránaí Gàidhlige a bhain amach Gradam Ceoil na hAlban, á cur ar aon dul le daoine mór le rá ar nós Paolo Nutini, Annie Lennox agus Simple Minds. San fhíseán seo de chuid SpreaG, músclaíonn sí fonnadóirí is ceoltóirí óga chun eolas a chur ar a dteanga is a gcultúr féin mar beidh sí ina sócmhainn dóibh agus iad ag déanamh a slí sa saol. Insíonn ár gcuid amhrán ár gcuid scéalta.


Ceangal Gaeilge: Sabhal Mòr Ostaig


Tháinig Sabhal Mòr Ostaig ar an bhfód de thoradh dearcadh agus dílseacht, ar an gcéad dul síos, an bhaincéara trádála Iain Noble a fágadh ar an trá fholamh ar an Oileán Sciathánach le linn stoirme sneachta. Bheartaigh sé eastát áitiúil a cheannach i Sléibhte agus, le spreagadh ó thuras go dtí na Scigirí, thosaigh sé ag baint feidhme as an dteanga is as an gcultúr áitiúil chun athbheochan eacnamaíoch a ghiniúint sa phobal. San fhíseán seo de chuid SpreaG, insíonn an tOllamh Boyd Robertson, Ceannaire Sabhal Mòr Ostaig, scéal fhorbairt SMO ó thús i scioból ó rath go Coláiste Gàidhlige na hAlban lá campas a bhaineann le saol an lae inniu agus breis is míle mac léinn. Ceathracha bliain ó thosaigh an ré nua, tá céim nua den fhorbairt ar siúl le tógáil na Cille Bige, an chéad bhaile nua de chuid na Gaeltachta a tógadh le breis is céad bliain anuas in Albain nó in Éirinn.